There were 1,558 press releases posted in the last 24 hours and 400,180 in the last 365 days.

Creed ag iarraidh feirmeoirí laonna diúil a spreagadh le cur isteach ar dheontais suas le €8,000 faoi chlár €35 milliún BEEP-S agus cuireann i gcuimhne d'fheirmeoirí a n-iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúnsaí a chur isteach roimh an 15…

Tá sé curtha i gcuimhne ag Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, d'fheirmeoirí arís inniu agus dá gcomhairleoirí, go mbeidh an próiseas iarratais ar líne le cur isteach ar an gClár Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil - Laonna Diúil (BEEP-S) don bhliain 2020 agus ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) ar fáil go dtí an 15 Bealtaine 2020.  Ní mór d'fheirmeoirí laonna diúil a chinntiú go gcuireann siad isteach ar chlár BEEP-S in am trátha lena chinntiú go mbeidh siad ábalta leas a bhaint as buntáistí uile an Chláir nua seo.   Go dtí seo, tá iarratas déanta cheana ag breis is 5,400 feirmeoir ar BEEP-S. Ar ábhar eile, cuirtear i gcuimhne d'fheirmeoirí iarratas a dhéanamh ar líne ar BPS 2020, an scéim íocaíochta dírí is mó faoina ndéantar íocaíocht le feirmeoirí na hÉireann gach bliain. Tá an méid iarratas atá faighte go dtí seo againn ar BPS chun cinn go mór ar bhlianta eile agus tá 50,800 iarratas curtha isteach go dtí seo.

Díreoidh BEEP-S a bhfuil soláthar maoinithe €35 milliún aige in 2020, ar éifeachtúlacht na mbó diúil agus ar laonna a bhaint den diúl - tomhaisfear meáchan beo an lao nuair a bheidh sé á bhaint den diúl mar chéatadán de mheáchan beo na bó. Mar aitheantas ar an ról tábhachtach atá ag sláinte agus leas ainmhithe i ndáil le héifeachtúlacht eacnamaíoch agus timpeallachta, tabharfar spreagadh do rannpháirtithe an chláir líon beart roghnach sláinte agus leasa a chur i bhfeidhm.

 Má chuireann rannpháirtithe na gníomhartha breise chomh maith leis an beart taifeadta meáchain i gcrích, beidh siad incháilithe d'íocaíocht suas le €90 ar an gcéad deich gcinn de bha diúil/péire laonna an tréad, agus suas le €80 an péire ina dhiaidh sin, faoi réir 100 péire an tréad go dtí uasmhéid fhoriomlán.

Is éard a dúirt an tAire Creed, "Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go mbainfeadh feirmeoirí laonna diúil leas iomlán as na tacaíochtaí airgeadais nua seo. D'éirigh go maith le clár píolótach BEEP 2019 agus is beart tacaíochta eile é clár na bliana seo atá dírithe ar chuidiú le feirmeoirí mairteola. Tá sé mar aidhm leis an gclár seo éifeachtúlacht eacnamaíoch agus timpeallachta i dtréad na mbó diúil a mhéadú trí fheabhas a chur ar mhéid agus ar chaighdeán na sonraí feidhmíochta atá bailithe, agus é mar aidhm leis tacú le dea-chleachtas agus cinnteoireacht níos feasaí ag leibhéal na feirme a ghlacadh. Dá mhó feirmeoirí a bheidh rannpháirteach, is ea is mó sonraí ar ardchaighdeán a gheobhaimid agus cuideoidh sin linn ansin éifeachtúlacht níos fearr a chur chun cinn i dtáirgeadh mairteola."

Is iad seo a leanas gníomhartha Chlár BEEP-S:

  1. Gníomh maidir le meá éigeantach: €50 ar mheá maidir leis an gcéad deich mbó/lao an tréad (agus €40 ar mheá maidir le gach bó/lae ina dhiaidh sin), Tomhaiseann an gníomh seo an cóimheas i ndáil le meáchan an lao agus é ag diúl le meáchan máthartha, agus cuirfidh sin ar chumas feirmeoirí na ba diúil is éifeachtúlachta ó thaobh na heacnamaíochta agus na timpeallachta de ina dtréada a aithint gan mhoill.
  2. Gníomh roghnach: €30 ar ghníomh leasa roghnach, agus beidh rogha ann idir clár vacsaínithe nó clár beathúcháin mine sula mbaintear den diúl na laonna. Cuirfidh an gníomh seo feabhas ar shláinte agus ar leas na mbó diúil nuair a bheidh siad le baint den diúl.
  3. Gníomh roghnach: €10 ar rogha breise - a bheith páirteach i gclár tástála ar líon na n-uibheacha sa bhfaecas. Tá an gníomh seo dírithe ar an leith uisce agus an leith chogansaí i mba diúil lánfhásta a rialú, d'fhonn sláinte agus leas na n-ainmhithe a fheabhsú.

Tá Deontais suas le €8,100 ar fáil d'fheirmeoirí Laonna Diúil faoin BEEP-S.

Samplaí : Is féidir le tréad ina bhfuil 20 bó diúil €1,700 a fháil as a bheith rannpháirteach go hiomlán sna roghanna atá ar fáil agus is féidir le tréad ina bhfuil 40 bó suas le €3,300 a fháil. Baineann an uas-íocaíocht le 100 péire Bó/Lao agus tá an íocaíocht iomlán bunaithe ar rannpháirtíocht sna roghanna atá ar fáil.

 

Nótaí don eagarthóir:

Is féidir teacht ar Théarmaí agus ar Choinníollacha an chláir anseo ar https://www.agriculture.gov.ie/beep/

  • Ní mór iarratais a dhéanamh ar líne agus beifear ábalta na hiarratais a dhéanamh go dtí an 15 Bealtaine 2020. Is é an 15 Bealtaine 2020 an dáta deiridh chomh maith le cur isteach ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí.
  • Ní dhéantar rannpháirtithe BEEP 2019 a áireamh go huathoibríoch i BEEP-S agus ní mór dóibh cur isteach ar an gclár.
  • Tá Deontais suas le €8,100 ar fáil d'fheirmeoirí Laonna Diúil faoin BEEP-S.

 

CRÍOCH

Date Released: 08 April 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.