There were 1,669 press releases posted in the last 24 hours and 413,820 in the last 365 days.

NA TACAÍOCHTAÍ IS DÉANAÍ D’FHEIRMEOIRÍ ÓN ROINN TALMHAÍOCHTA, BIA AGUS MARA LE LINN COVID-19 FÓGARTHA AG AN AIRE CREED

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu go n-eiseofar an tseachtain seo ceadú d’iarratasóirí faoin Scéim nua Infheistíochta Laonna. Mar gheall ar phaindéim Covid-19, agus an t-éileamh mór atá ar an scéim seo, tá sé deimhnithe ag an Aire go bhfuil buiséad na scéime méadaithe aige ó €1.5 milliún a fógraíodh ar dtús é go €4 mhilliún, chun gach iarratas incháilithe a fhaightear a mhaoiniú. Tacóidh an scéim le hinfheistíocht a dhéanamh i saoráidí tógála agus leasa laonna agus cuirfear maoiniú ar fáil do suas le 2,500 feirmeoir.

Maidir leis an ábhar dúirt an tAire, “léiríonn an líon mór iarratas ar an scéim seo chomh dílis is atá feirmeoirí na hÉireann do chaighdeáin arda leasa ainmhithe a bhaint amach. Táim an-sásta a bheith in ann gach iarratas incháilithe a mhaoiniú go dtí an t-uasráta deontais.  Chun sin a dhéanamh, agus i bhfianaise na srianta atá tagtha chun cinn de bharr COVID 19, tá méadú curtha agam ar an mbuiséad don scéim ó €1.5 milliún go €4 mhilliún.   Is ionann sin agus infheistíocht mhór ar fheirmeacha na hÉireann agus cuirfidh tuilleadh feabhais ar leas agus ar bhainistiú laonna. Tá sé ríthábhachtach, go háirithe san am i láthair, nach ndéanfaí dochar do cháil na hÉireann maidir le sláinte agus leas ainmhithe agus a chinntiú nach ndéanfar dochar don cháil atá ar tháirgí agraibhia na hÉireann ar fud an domhain.”  

Labhair an tAire maidir lena chuid tosaíochtaí san earnáil agraibhia agus iascaigh mar fhreagra ar na dúshláin a bhaineann le Covid- 19.

“Mar chuid de fhreagra iomlán an Rialtais, bím féin agus mo Roinn i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar fud na hearnála gach lá chun pleanáil theagmhasach a roinnt agus chun dul i ngleic le saincheisteanna de réir mar a thagann siad chun cinn.   Mar thoradh ar an bplé leanúnach sin agus aird á tabhairt ar chomhairle an Rialtais is mian liom a dheimhniú inniu go bhfuil; 

 

  • Mo Roinn chun treoir a eisiúint ar mharglanna maidir le réimse an-teoranta seirbhísí riachtanacha a bheidh ag comhlíonadh treoirlínte Rialtais agus nach gá daoine a thabhairt le chéile chun iad a chur ar fáil. Áirítear orthu sin bearta a éascú chun laonna a dhíol agus beostoc a mheá, agus seirbhísí bróicéireachta ar líne a bheidh faoi réir ceadú de réir Bhuan-Nósanna Imeachta Oibríochta mo Roinne.

 

  • Ní bheidh an Roinn i mbun gnáthchuairteanna ar fheirmeacha as seo go ceann coicíse, mura n-éilítear sin ar bhonn riosca. Leanfar de sheirbhísí riachtanacha mar rialú galar nó ainmhithe a bhfuil galair orthu a thabhairt chun bealaigh. Coinneofar súil ar chúrsaí de réir mar a thiocfaidh athrú orthu.  Tá roinnt cigireachtaí mar ‘Scéim na bhFeirmeoirí Óga’ á ndéanamh ar an bhfón. 

 

Tá feirmeoireacht, iascaigh, táirgeadh bia agus deochanna agus seirbhísí coimhdeacha ainmnithe ag an Rialtas mar sheirbhísí riachtanacha. Ní mór d’fhostóirí, fostaithe agus daoine féinfhostaithe, feirmeoirí san áireamh, san earnáil an treoir seo a leanas a léamh chun iad féin agus an pobal i gcoitinne a choinneáil slán [https://www.gov.ie/en/publication/dfeb8f-list-of-essential-service-providers-under-new-public-health-guidelin/] . Iarraim ar fheirmeoirí a chinntiú go dtugtar tús áite do shábháilteacht sa tréimhse dheacair seo. Tá pobail ag déanamh cúram dá chéile agus ba chóir d’aon fheirmeoir a bhfuil deacrachtaí aige gan drogall a bheith air cuidiú a iarraidh.

Tá an earnáil agraibhia riachtanach chun bia a choinneáil ar sheilfeanna ollmhargaí na hÉireann tráth a bhfuil éileamh nach raibh súil leis ar ábhar miondíola. Tuigim go bhfuil drochthionchar aige seo ar go leor gnónna bia ó tharla margaí seirbhíse bia caillte acu agus tá mo Roinn agus gníomhaireachtaí ar fáil chun tacú leis na gnónna seo a gcuid táirgí a chur malairt treo chuig an margadh miondíola.  Tá onnmhairí bia agus dí na hÉireann ina gcuid riachtanach de shlabhraí casta soláthair bia idirnáisiúnta agus tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go mbeadh bia d’ardchaighdeán, atá folláin agus slán, as Éirinn ar sheilfeanna ollmhargaí ar fud an domhain. Téann díol agus ceannach an dá bhealach agus bíonn mo Roinn i dteagmháil go rialta leis na húdaráis sa RA agus i dTuaisceart Éireann chomh maith le comhghleacaithe san AE chun ár leasanna a phlé - is é sin soláthairtí bia a choinneáil sa tsiúil.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed, “tuigim go dtacaíonn an earnáil agraibhia agus iascaigh le poist agus slite beatha i ngach cuid de shaol na tuaithe agus le cósta in Éirinn. Tuigimid na tionchair eacnamaíochta atá ag an ngéarchéim seo ar thalmhaíocht agus is anois atá an tionchar ar phraghsanna earraí eile le brath agus gach seans go mbeidh sé go dona.  Beidh an tionchar seo le brath níos measa fós ag teaghlaigh a chaillfidh fostaíocht lasmuigh den fheirm.  Táim ag iarraidh ar an tionscal bia tacú a mhéid is féidir leis na mílte feirmeoirí ar soláthróirí iad ag an tráth seo.   Tá réimse tacaíochtaí tugtha isteach ag an Rialtas cheana d’fhostaithe agus do dhaoine atá féinfhostaithe agus in éineacht le comhghleacaithe ar fud an AE, rachaidh mé ag lorg na roghanna tacaíochta margaidh atá ar fáil faoin gComhbheartas Talmhaíochta agus faoin gComhbeartas Iascaigh a cheart a bheith ar fáil a luaithe is féidir chun tuairteanna geilleagracha a mhaolú.”

 

Nótaí d'eagarthóirí 

 

Nóta maidir leis an Scéim Infheistíochta Laonna

 

  • €1,000 gan CBL san áireamh an infheistíocht is lú a éilítear agus is €7,500 gan CBL san áireamh an infheistíocht is mó.
  • Deontas 40% le cur i leith gach iarratas a chomhlánóidh téarmaí agus coinníollacha ar fad na scéime i.e. €3,000 an t-uasmhéid deontais d’aon iarratasóir.
  • Díreofar leis an gcéad infheistíocht seo go príomha ar thacú le córais beathaithe laonna, lena n-áirítear beathaitheoirí laonna ríomhairithe, cairteacha bainne le meascthóir san áireamh agus beathaitheoirí sine do laonna. Nuair a cheannaigh feirmeoir ceann de na nithe sin, bhí siad incháilithe tacaíocht a fháil chun nithe eile a cheannach, ar nós teasairí bainne do laonna, racaí foráiste/féir do laonna, trachanna mine do laonna, bacainní bia do laonna agus rannadóirí cró do laonna. 

 

  • Aithnítear sna Treoirlínte Rialtais a foilsíodh Dé Sathairn seirbhísí riachtanacha a fhéadfaidh fanacht ag feidhmiú le linn chéim reatha rialaithe COVID 19. San áireamh tá seirbhísí a chuirtear ar fáil i réimse na Talmhaíochta a bhaineann le feirmeoirí, oibrithe feirme, oibrithe seirbhíse faoisimh feirme agus eile a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu le táirgeadh barr nó ainmhithe nó gníomhaíochtaí bainteacha (seirbhísí tréidliachta san áireamh).

 

 Nóta maidir le treoir do Mharglanna

 

Níl cead leanúint le gnáthghníomhaíochtaí ceantála marglainne go dtiocfaidh malairt fógra. Is féidir le bainisteoirí marglann glacadh le roinnt seirbhísí mar sheirbhísí riachtanacha atá ag teacht le fógra an Rialtais Dé Sathairn seo caite. Laistigh den chreat foriomlán sin agus ag glacadh leis go mbeidh fostóirí ábalta cloí go hiomlán le treoirlínte an HSE maidir le scaradh sóisialta agus bearta eile, is féidir go mbeadh úinéirí marglann in ann úsáid a bhaint as a gcuid córas agus saoráidí chun córais éascaithe trádála malartacha a chur i bhfeidhm a chuideoidh le hainmhithe atá riachtanach a dhíol chun tacú le gnó riachtanach na feirmeoireachta. Áirítear orthu sin nuair atá gluaiseacht ainmhithe riachtanach agus chun an slabhra soláthair bia a choinneáil agus sláinte agus leas ainmhithe a chosaint.  

 

 Sa chomhthéacs sin, is féidir tabhairt faoi dhá chineál gníomhaíochta fad is go bhfuil siad riachtanach agus gur beag an teagmháil a bheidh idir daoine:

  

(i)                  Maidir le laonna, seirbhís lenar féidir le feirmeoir laonna a thabhairt chuig an marglann, ach coinne a bheith aige, ionas gur féidir orduithe ar cheannach a mheaitseáil agus a éascú tríd an marglann.

 

(ii)               I gcás beostoc níos sine, seirbhís meá do go leor eallach/caorach ach coinne a dhéanamh agus go n-éascódh an mharglann an t-idirbheart idir an ceannaitheoir agus an díoltóir.

 

Gníomhaíochtaí eile lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar líne agus smaoineamh ar úsáid eile a bhaint as teicneolaíochtaí nua.

 

Tá ról tábhachtach ag marglanna maidir le gluaiseacht ordúil ainmhithe, inrianaitheacht agus díol ainmhithe atá riachtanach chun soláthairtí bia a choinneáil slán agus ag an am céanna a chinntiú go bhfaigheann feirmeoirí praghas cóir margaidh ar an gcuid ainmhithe. Cé nach féidir le haon bheart amháin ar leith teacht in áit ceant poiblí ag an marglann, táthar ag súil go mbeidh marglanna, ar bhealach atá rialaithe go láidir agus ag comhlíonadh go hiomlán le treoirlínte an HSE maidir le scaradh sóisialta agus sláinteachas, ábalta gluaiseacht riachtanach ainmhithe agus díol agus ceannach ainmhithe a éascú ar bhealach ordúil eile. Más mian leat tabhairt faoi na gníomhaíochtaí thuas ba chóir duit buan-nós imeachta oibríochta scríofa (SOP) a chur ar aghaidh chuig an SVI in Oifig Réigiúnach Tréidliachta do cheantair.

 

 Ba chóir go leagfaí amach sa SOP mar atá sé beartaithe feidhmiú agus go háirithe na bearta a chuirfidh tú i bhfeidhm lena chinntiú:

 

  • nach mbeidh i láthair ach an líon is lú foirne is gá ag aon am amháin sna marglanna chun oibríochtaí a reáchtáil - Ní mó le 3 nó 4 a theastaíonn chun seo a dhéanamh de ghnáth.
  • nach mbeidh ach an líon is lú cliant i láthair sa mharglann ag aon am (Beidh teagmháil ar an bhfón i gceist chun amanna coinní a leithroinnt ar lucht díola chun ainmhithe a fhágáil ar an láthair agus coinní do cheannaitheoirí aonair chun breathnú ar bheithígh/iad a bhailiú agus díoltóir/ceannaitheoir a bheith i láthair astu féin gan aon duine eile i láthair; 
  • go gcinnteofar go mbeidh bearta scaradh sóisialta i bhfeidhm de réir threoirlínte an HSE.
  • bearta sláinteachais cuí a bheith i bhfeidhm chun an baol go scaipfidh COVID 19 a laghdú.

  

Níor cheart leanúint d’aon ghníomhaíochtaí sna marglanna nó go mbeidh deimhniú agat i scríbhinn ón SVI go bhfuil do thogra sásúil.

 

Leanfar i mbun athbhreithniú ar a luaitear thuas nó go dtiocfaidh malairt treorach de réir mar is gá.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 31 March 2020