There were 1,645 press releases posted in the last 24 hours and 414,110 in the last 365 days.

Líne chabhrach eolais nua d'fheirmeoirí i ndáil le COVID-19 fógartha ag an Aire Creed

Tá sé deimhnithe ag Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, inniu go bhfuil line chabhrach eolais nua curtha ar fáil chun cuidiú le feirmeoirí a bhfuil ceisteanna acu maidir leis na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair mar gheall ar COVID-19.

 

Dúirt an tAire "tá mo Roinn rannpháirteach go hiomlán sa bhfreagairt uile-Rialtais seo ar COVID-19. Tá líne chabhrach eolais thiomanta curtha i bhfeidhm agam anois chun go mbeidh feirmeoirí ábalta comhairle a fháil ar fhiosruithe praiticiúla a d'fhéadfadh a bheith acu de réir mar a bheidh siad i mbun an róil ríthábhachtaigh atá acu a chinntiú go gcoinnítear an slabhra soláthair bia i mbun oibre. Féachtar leis an líne chabhrach eolais seo cuidiú le feirmeoirí trí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith le sárú acu ó lá go lá.

 

076 1064468 uimhir na líne cabhraí eolais agus beidh sí ar fáil ón 9.30am go 12.30pm agus ón 2pm go 5pm ó Luan go hAoine.

 

Ina theannta sin, tá roinnt Ceisteanna a Chuirtear go Minic foilsithe ag an Roinn chomh maith ar an gcuid de láithreán gréasáin na Roinne a bhaineann leis an gCoróinvíreas/COVID-19 ar

https://www.agriculture.gov.ie/customerservice/coronaviruscovid-19/

 

 

CRÍOCH

Date Released: 01 April 2020