There were 1,837 press releases posted in the last 24 hours and 403,570 in the last 365 days.

Treoirlínte Nua maidir le Pórú Eallaigh Déiríochta

Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., roimh threoirlínte nua atá á ndáileadh maidir le pórú eallaigh déiríochta, ina ndírítear ar fheabhas a chur ar fhiúntas géiniteach na laonna uile ón tréad déiríochta (laonna déiríochta agus mairteola araon) atá á seoladh chuig úinéirí tréad faoi láthair. Sna treoirlínte, a cuireadh i dtoll a chéile ag meitheal oibre um laonna déiríochta faoi stiúir na Roinne atá comhdhéanta de phríomhpháirtithe leasmhara an tionscail, dírítear ar fheabhas a chur ar cháilíocht na laonna a thagann ón tréad déiríochta.

 

I measc na réimsí arna gclúdach sna treoirlínte tá: (i) baineannaigh athsholáthair atá go hard ar an Innéacs Pórúcháin Eacnamaíoch (EBI) a ghiniúint don tréad déiríochta, (ii) an t-innéacs mairteola déiríochta nua a úsáid chun ainmhithe mairteola lena mbaineann luach níos airde a ghiniúint ón tréad déiríochta, agus (iii) uirlisí póraithe a úsáid, amhail scórchárta EBI Tréada de chuid Chónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF), Uirlis um Chomhairle maidir le hAithreacha an ICBF, agus Liostaí an ICBF de Thairbh Gníomhacha, le haghaidh pórúcháin déiríochta agus pórúcháin mhairteola déiríochta.

 

Tá litreacha á seoladh chuig Cónaidhm Phórú Eallaigh na hÉireann (ICBF) agus seolfar scórchárta nua EBI Tréada de chuid an ICBF leo. Tá an scórchárta nua ceaptha cabhrú le húinéirí tréad láidreachtaí agus laigí a dtréada déiríochta a shainaithint, ó thaobh na géinitice de.

 

Ag labhairt faoin bhforbairt seo, tharraing an tAire aird ar an méid atá déanta ag páirtithe leasmhara don tionscal leis na treoirlínte pórúcháin nua a fhorbairt, agus thug aitheantas dó. Dúirt sé, “ceapadh na treoirlínte mar thoradh ar chomhiarracht na bpáirtithe leasmhara uile agus iad ag obair le chéile lena chinntiú go leanfaimid orainn ag feabhsú cáilíocht na laonna inár dtréad déiríochta amach anseo”.

 

Thug Michael Doran, Cathaoirleach an ICBF, aitheantas do na buntáistí a bhaineann leis an Scórchárta EBI Tréada nua. Dúirt sé, “céim mhór chun tosaigh dár dtionscal é cabhrú le feirmeoirí an áit a bhfuil láidreacht nó laige ina dtréada ó thaobh na géinitice de a shainaithint. Cabhróidh sin le húinéirí tréad díriú ar na saintréithe a mhéadóidh brabúsacht agus inbhuanaitheacht a gcuid feirmeacha amach anseo”.

 

Tá tuairim is 15,000 litir á seoladh faoi láthair agus ba chóir go sroichfidh siad feirmeacha an tseachtain seo. Tá cóip de na treoirlínte, lena n-áirítear páirtithe leasmhara ábhartha a thacaíonn leis an tionscnamh, ar fáil thíos. Chun tuilleadh eolais ar na treoirlínte seo a fháil, déan teagmháil le: (i) ICBF Herdplus (023 8820452), (ii) do chomhairleoir/sainchomhairleoir talmhaíochta i dTeagasc agus/nó (iii) do chuideachta inseamhnú saorga (AI) áitiúil

 

CRÍOCH

                       

Date Released: 26 March 2020