There were 1,535 press releases posted in the last 24 hours and 401,565 in the last 365 days.

Fáilte curtha ag an Aire Creed roimh ráiteas thar ceann sheacht gcinn de na hEagraíochta Iascaireachta is mó

Chuir Michael Creed, T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara fáilte inniu roimh ráiteas a rinneadh thar ceann seacht gcinn de na hEagraíochtaí Iascaireachta is mó sa tír, ina leagtar amach an tábhacht atá le hIascaigh an AE a choinneáil sa tsiúl, faoi threoir gairmithe leighis in údaráis sláinte poiblí an AE. 

 

Maidir leis an ráiteas, dúirt an tAire “I dtaobh freagairt do ghéarchéim COVID 19, tá an Rialtas ag gníomhú ar mhaithe le sláinte na ndaoine a chosaint agus de réir threoir gairmithe leighis sna húdaráis sláinte poiblí.  Tá sé thar a bheith tábhachtach go leanfaí de sin in aon bheart a ghlacfaimis.  Ní bhaineann an chomhairle sin i dtaobh dúnadh le coda áirithe den mhargadh aonair atá riachtanach chun an slabhra bia in Éirinn agus in áiteanna eile san Aontas Eorpach a chothabháil.   Tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimis ar fad sruthanna riachtanacha soláthair bia ag imeacht - gníomhaíocht iascaireachta a choinneáil oscailte agus ag feidhmiú mar shampla le linn na tréimhse seo.  Fáiltím roimh an ngeallúint ó Eagraíochtaí Iascaigh in Éirinn sin a dhéanamh.” 

 

Tá Fógra Faisnéise ar leith ullmhaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ina leagtar amach na cleachtais chuí i dtaobh iasc a chur i dtír, ag comhlíonadh Fógra Muirí Uimh. 6 maidir le bearta cosanta Covid-19   Tá an fógra scaipthe ar gach tionscal agus ar Mháistrí Cuain.  

 

Nóta d'eagarthóirí:

Tá an Fógrá Faisnéise le fáil ag

https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/seafood/fisheryharbours/1FisheryHarbourCentresInformationNoticeCovid19250320.pdf

 

CRÍOCH

Date Released: 25 March 2020