There were 1,302 press releases posted in the last 24 hours and 425,609 in the last 365 days.

Ráiteas ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le COVID-19

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag obair go dlúth leis an Roinn Sláinte agus le Ranna eile mar chuid d'fhreagra uile-Rialtais maidir le Covid-19.  Beidh an Roinn ag cur a plean leanúnachais gnó féin i bhfeidhm chun seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag imeacht.  Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Roinn ag glacadh na mbeartas cosanta atá de dhíth chun a foireann agus a cliaint a chosaint, de réir chomhairle an HSE, ach níl an Roinn ag dúnadh agus tá sí ag tabhairt tús áite do sheirbhísí riachtanacha a chur ar fáil d'fheirmeoirí, d'iascairí agus do na hearnálacha bia agus foraoiseachta. 

  

Tá an Roinn ag glacadh céimeanna riachtanacha chun a chinntiú:

  • go mbeidh táirgeoirí agus próiseálaithe ábalta leanúint orthu ag obair go héifeachtúil agus go mbeifear ábalta línte soláthair a choinneáil oscailte
  • go mbeidh an Roinn ag obair chomh héifeachtúil agus is féidir i rith na paindéime reatha seo.
  •  

I measc thosaíochtaí criticiúla na Roinne tá a chinntiú go gcoinnítear saoráidí próiseála bia agus saoráidí próiseála eile i mbun feidhme, a chinntiú gur féidir leanúint de na híocaíochtaí agus gníomhaíochtaí tráchtála atá riachtanach chun ioncam feirme a chosaint agus go mbeidh iascairí ábalta iasc a thabhairt i dtír agus é a dhíol ar an margadh. In iomaí cás braitheann na gníomhaíochtaí seo ar chumas na Roinne a cuid feidhmeanna rialála agus cigireachta a chur i gcrích.

 

Maidir leis sin, tá an Roinn tuisceanach maidir leis an imní atá dar ndóigh ar gach saoránach ag an tráth seo. Cinnteoidh sé sin go bhfuil a foireann ag obair i gcomhar le prótacail atá de réir chomhairle an HSE.  Tiocfaidh athrú ar an gcomhairle seo agus cinnteoidh an Roinn go leanfaidh sí de bheith ag cloí le dea-chleachtas maidir lena gníomhaíochtaí ar fad.

 

De réir na comhairle seo, tá an Roinn tiomanta do a chinntiú go leanfar le cúrsaí a bhaineann le hainmhithe, mar próiseáil íocaíochtaí, tástáil i gcomhair eitinne, cigireachtaí maidir le leas ainmhithe, aithint ainmhithe agus pasanna a eisiúint, tástáil i gcomhair BVD, rialú a dhéanamh ag margaí beostoic agus deimhnithe onnmhairithe ainmhithe chun oibríochtaí gnó feirme a éascú.

 

Chomh maith leis sin, i ndáil le gnóthaí talmhaíochta atá ag brath ar mhaoirseacht, ar chigireacht, ar rialú agus ar deimhniú Roinne chun go mbeidh said ábalta leanúint orthu ag obair, tá an Roinn tiomanta do na seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil, mar shampla, monarchana feola agus bainne, margaí, eagraíochtaí pórúcháin, déantóirí agus soláthraithe beatha, soláthraithe uibheacha, soláthraithe leighis ainmhithe agus táirgí talmhaíochta eile agus i gcuain iascaigh na tíre.

 

Tá mar chuid de thiomantas na Roinne a chinntiú go bhfuil na córais agus an bonneagar ar a bhfuil na hearnálacha ag brath gach uile lá orthu ag obair agus feidhmiú agus go bhfuil a cuid saotharlann ar fáil chun seirbhísí diagnóiseacha agus feidhmeanna rialála a chur ar fáil.

 

Ní thiocfaidh athrú ar an dáta deiridh ar féidir iarratas a dhéanamh ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí. Tá an baol ann go gcuirfeadh moill ar bith ar chigireachtaí nó go gcuirfeadh athrú ar bith ar an dáta deiridh ar féidir iarratas a dhéanamh moill ar íocaíochtaí amach sa bhliain agus táimid cinnte ag iarraidh é seo a sheachaint. Próiseas leanúnach is ea uasdátú a dhéanamh ar an LPIS agus leanfaidh an próiseas ar aghaidh. Déanfar feirmeoirí a choinneáil ar an eolas de réir mar a leanann muid ar aghaidh.

 

Níl cúis ar bith go mbeadh imní ar thomhaltóirí maidir le leanúnachas sholáthar bia agus dí na hÉireann.  Chas Oifigigh Shinsearacha ón Roinn le Food Drink Ireland Dé Céadaoin (11 Márta 2020) chun pleanáil teagmhasach maidir leis an earnáil próiseála bia a phlé.   Tá próiseálaithe bia chomh maith le gnóthaí agus fostóirí eile ag cur pleananna teagmhasacha gnó i bhfeidhm chun dul i ngleic le cur isteach a d'fhéadfadh tarlú. Ní bhaineann impleachtaí ó thaobh sábháilteacht bia le Covid-19 agus níl fianaise ar bith ann gur féidir leis an víreas scaipeadh thrí tháirgí bia.

 

D'fhéadfadh tionchair mhóra a bheith aige ar ghnóthaí na hÉireann go fadtéarmach, lena n-áirítear an earnáil agraibhia, tionchair a thagann as laghdú ar an éileamh ó mhargaí ríthábhachtacha ar fud an domhain. Tá réimse tacaíochtaí do ghnóthaí fógartha ag an Rialtas cheana féin agus is féidir iad sin a fheiceáil ag https://dbei.gov.ie/en/ , lena n-áirítear an Scéim Iasachta Caipitil Oibre Covid-19 SBCI atá cómhaoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Leis an scéim iasachta seo cuirfear caipiteal oibre ar fáil do SMEanna a bhfuil tionchar orthu, lena n-áirítear gnóthaí bia.  I ndiaidh fhógra an Uachtaráin von der Leyen scríobh an tAire chuig an gCoimisinéir Wojciechowski maidir le pacáiste suntasach geilleagrach mar fhreagra ar an ngéarchéim, d'fhonn a chinntiú go bhfuil an réimse iomlán tacaíochtaí margaidh ar fáil faoi Rialachán um Chomheagraíocht na Margaí lena n-úsáid sa chás go gcuirtear isteach ar an margadh amach anseo.

 

Tá feirmeoirí agus iascairí, chomh maith le haon oibrí a mbeidh sé de dhíth orthu iad féin a scoitheadh ón bpobal, nó a bhfuil diagnóisiú Covid-19 faighte acu, i dteideal tacaíocht leasa shóisialaigh. Féach: https://www.gov.ie/en/campaigns/973806-covid-19-coronavirus-information-for-employers-and-employees/

 

Chuaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. i gcomhairle le príomheagraíochtaí páirtithe leasmhara chun pleanáil theagmhasach agus toscaíochtaí teagmhasacha a plé. Dúirt an tAire Creed, "Tuigim go maith an tionchar atá ag freagra riachtanach an Rialtais maidir le Covid-19. Tá na bearta atá fógartha riachtanach, agus teastaíonn uainn go dtabharfadh gach saoránach cúnamh dúinn an bhagairt agus scaipeadh an víris a shrianú. Impím oraibh comhairle reatha an Rialtais, Príomhoifigigh Míochaine sa Roinn Sláinte agus an HSE a leanúint chomh maith le comhairle ar bith a chuirfidh siad ar fáil amach anseo. Géarchéim náisiúnta ó thaobh sláinte phoiblí í seo agus tá sé ríthábhachtach go ndéantar freagra an Rialtais a chomhordú leis an Roinn Sláinte agus leis an HSE. Ach, sin ráite, beidh mo Roinnse agus mé féin i ndlúth-theagmháil le páirtithe leasmhara agraibhia de réir mar a bheidh an cás seo ag dul ar aghaidh. Mar chuid den iarracht seo beidh mo Roinnse ag tabhairt cúnamh don HSE nuair a iarrtar orainn sin a dhéanamh."

 

Leanfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara de mhonatóireacht a dhéanamh ar an gcás agus tá sí ag leanúint comhairle an Príomhoifigigh Míochaine sa Roinn Sláinte agus an HSE maidir le COVID-19. Cuirfidh muid i gcuimhne do pháirtithe leasmhara gur ceart dóibh comhairle an HSE a leanúint. Go háirithe: do lámha a ní go rialta; do bhéal agus do shrón a chlúdach le ciarsúr nó le do mhuinchille agus tú ag casacht agus ag sraothartach; coinnigh amach ó dhaoine etc. Faigh an t-eolas is déanaí ó láithreán gréasáin an HSE https://www2.hse.ie/conditions/coronavirus/coronavirus.html.

 

Fanfaidh oifigí poiblí na Roinne oscailte faoi láthair. Ach, sin ráite, tá réimse áiseanna ag an Roinn ar líne agus tá sí ábalta eolas a thabhairt do chliaint ar an nguthán nó ar ríomhphost.  Ba cheart na seirbhísí sin a úsáid nuair is féidir agus ba cheart cuairt chuig oifigí poiblí nach bhfuil gá leo a sheachaint.

 

Mar is gnáth, ba cheart d'fheirmeoirí cloí le bunphrótacail bithshlándála agus bunrialacha sábháilteachta nuair atáthar ag obair ar an bhfeirm.

 

CRÍOCH

 

Date Released: 13 March 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.