Meabhrúchán – Iarratais ar Mhaolú Níotráití 2020
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ag meabhrú d'fheirmeoirí gur féidir iarratas a dhéanamh anois ar líne ar Mhaolú Níotráití 2020. Is é an 8 Aibreán 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Moltar d'fheirmeoirí dul i dteagmháil lena gcomhairleoir talmhaíochta lena fháil amach faoinar chóir dóibh leas a bhaint as an áis seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/nitratesderogation/2020nitratesderogation/
Meabhraítear d'fheirmeoirí a rinne iarratas ar Mhaolú in 2019 nach mór dóibh a gcuid Cuntas Leasacháin a chur isteach faoin 8 Aibreán 2019 freisin.
Tá fáil ar na ráitis Nítrigine agus Fosfair (ráitis N & P) deireadh bliana do 2019 ar chóras ar líne na Roinne ag www.agfood.ie.
Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'.
CRÍOCH
Date Released: 09 March 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
