There were 1,834 press releases posted in the last 24 hours and 399,347 in the last 365 days.

Deireadh curtha ag an Roinn le limistéar faireachais a bhaineann le himscrúdú i ndáil leis an lisivíreas i gContae Chorcaí

Tá deireadh curtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara leis an limistéar faireachais a bhí i bhfeidhm i ndiaidh fianaise a fháil go bhfuil leibhéal íseal den lisivíreas aimsithe i sáible a tugadh isteach sa tír i gContae Chorcaí ag tús na bliana seo. Cuireadh an limistéar agus bearta a bhain leis an ngalar a rialú i bhfeidhm d'fhonn an t-imscrúdú riachtanach a éascú chomh maith le tréimhse a chur ar fáil chun breis faireachais a dhéanamh sa limistéar mar bheart réamhchúraim. Tá imscrúdú eipidéimeolaíochta iomlán déanta anois agus tá sé socraithe ag oifigigh na Roinne go bhfuil bainistiú cuí déanta ar an mbaol agus nach bhfuil gá an limistéar a bheith i bhfeidhm a thuilleadh. Tá cúlghairm déanta anois ar an reachtaíocht ábhartha. 

 

Is mian leis an Roinn a buíochas a chur in iúl do gach duine a raibh baint acu leis an imscrúdú ar an ngalar, lena n-áirítear úinéirí ainmhithe sa cheantar agus daoine den phobal, as a gcomhoibriú.

 

Cé go mbíonn an Roinn ag déileáil le bagairtí i ndáil le galair andúchasacha go rialta, cuireann an eachtra seo i gcuimhne dúinn go bhfuil baol ann i gcónaí ó ghalair andúchasacha mar Confadh. Ó tharla go bhfuiltear ag tabhairt ainmhithe isteach san Eoraip agus go bhfuiltear ag bogadh ainmhithe ar fud na hEorpa níos minice, ní mór do gach duine a bheith airdeallach i gcónaí chun a chinntiú go bhfanfaidh Éire saor ó Chonfadh. Ba chóir go mbeadh duine ar bith atá ag tabhairt peata ó thír eile isteach sa tír seo ar an eolas faoi na ceanglais dlí a bhaineann leis sin agus is féidir teacht ar na ceanglais sin anseo: https://www.agriculture.gov.ie/pets/. Galar é confadh a chaithfear a chur in iúl sa tír seo -  má tá amhras ort go bhfuil confadh ar ainmhí, ní mór duit an Roinn a chur ar an eolas láithreach, trí dhul i dteagmháil le hOifig Tréidliachta Réigiúnach an cheantair.

 

 

Tuilleadh eolais:

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara:

https://www.agriculture.gov.ie/press/pressreleases/2020/january/title,138523,en.html

 

https://www.agriculture.gov.ie/animalhealthwelfare/diseasecontrol/rabies/

 

https://www.agriculture.gov.ie/contact/

 

An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte:

https://www.who.int/health-topics/rabies#tab=tab_1

 

An Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe

https://www.oie.int/animal-health-in-the-world/rabies-portal/

 

 

CRÍOCH

Date Released: 04 March 2020