There were 1,698 press releases posted in the last 24 hours and 399,668 in the last 365 days.

Iarraidh ar Thairiscintí fógartha ag an Roinn faoin gCiste Fobartha agus Nuálaíochta Tuaithe (RIDF) i leith Líonra Feirmeoireachta Sóisialta

Tá nós imeachta soláthair phoiblí iomaíoch fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2020 (RIDF), i leith Líonra Feirmeoireachta Sóisialta.

Is ionann Feirmeoireacht Shóisialta is deis a thabhairt do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí teiripeacha tacaíochta lae dul i mbun gairneoireachta agus feirmeoireachta ar bhonn deonach i dtimpeallacht feirmeoireachta.  Déantar na hoibríochtaí seo a reáchtáil i roinnt suíomhanna ó fheirmeacha oibre teaghlaigh, tionscnaimh áitiúla pobail go creatanna institiúide eile.

Cuirfear maoiniú €400,000 ar an iomlán ar fáil don bhliain 2020 chun tacaíochtaí a chur ar fáil i leith Líonra Náisiúnta Feimeoireachta Sóisialta.   Baineannan an RFT seo le seirbhísí a aimsiú chun sainchlár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun tacú le feirmeoirecht shóisialta ag an leibhéal náisiúnta.

 

Nótaí don Eagarthóir:

  • Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) ag lorg tograí ó sholáthróirí seirbhíse cuí, a bhfuil an taithí, cumas agus an fhís acu le sainchlár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a thacódh le feirmeoireacht shóisialta ag an leibhéal náisiúnta.

 

  • Rinneadh Iarraidh ar Thairiscintí a fhoilsiú an 20 Feabhra 2020 ar láithreán grésáin eTenders (uimh. 165866).  Ní mór clárú ar shuíomh eTenders ag https://irl.eusupply.com/login.asp?B=ETENDERS_SIMPLE- Clárú Soláthraí - chun teacht ar an RFT. Baineann an RFT seo le seirbhísí a aimsiú chun sainchlár oibre a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun tacú le feirmeoirecht shóisialta ag an leibhéal náisiúnta.  Déanfar maoiniú a dhámhadh ar bhonn iomaíoch, de réir na gcritéar dámhachtana incháilithe ar leith a foilsíodh.  12 pm an 15 Aibreán 2020 an dáta deiridh a nglacfar le tairiscintí.  Déanfar tairiscintí a mheas trí phróiseas iomaíochta a bhaineann le tionscadail bheartaithe a mhaoiniú. 

 

CRÍOCH

Date Released: 25 February 2020