There were 1,914 press releases posted in the last 24 hours and 399,271 in the last 365 days.

Is Féidir Iarratas a Dhéanamh Anois ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2020

Chuir an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in iúl d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí inniu gur féidir  iarratas a dhéanamh anois ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus ar Scéim Glasú 2020.

Beidh feirmeoirí ag fáil pacáiste eolais BPS sa phost sna laethanta amach romhainn ina leagtar amach téarmaí agus coinníollacha na scéime chomh maith le léarscáileanna agus sonraí faoin talamh.  Cuideoidh an t-eolas seo le feirmeoirí a n-iarratas ar líne a dhéanamh. Dé hAoine an 15 Bealtaine an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do BPS in 2020.  Moltar d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí leas a bhaint as an deis gur féidir iarratas a dhéanamh go luath agus sin a dhéanamh anois seachas fanacht go dtí go mbeidh an spriocdháta buailte orthu.

Mar aon le blianta beaga anuas, beidh an Roinn ag cur réimse leathan tacaíochtaí ar fáil d'fheirmeoirí chun a chinntiú go bhfuil sé ar a gcumas iarratas a dhéanamh ar na híocaíochtaí tábhachtacha seo.  Beidh sonraí a bhaineann leis seo ar fáil go gairid.

Tá na gnéithe ar fad a bhaineann leis na Scéimeanna Íocaíochta Dírí (BPS, Glasú, Scéim na bhFeirmeoirí Óga, Cúlchiste Náisiúnta, Aistriú Teidlíochta, agus Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha) anois ar fáil ar líne.  Cuidíonn seo a chinntiú gur féidir leis an Roinn gach iarratas faoi na scéimeanna a phróiseáil chomh héifeachtach agus is féidir.

Nótaí d'Eagarthóirí

Beidh feirmeoirí ag fáil pacáiste eolais BPS sa phost sna laethanta beaga amach romhainn.  Áireofar iontu an gnátheolas chun cuidiú le feirmeoirí a gcuid iarratas a dhéanamh - téarmaí agus coinníollacha, léarscáileanna agus sonraí faoin talamh.  Ó tharla gur ar líne a chaithfear iarratas BPS a dhéanamh anois ní bheidh aon iarratas páipéir san áireamh sa phacáiste.  (Is í seo an tríú bliain a bhfuil córas iarratais BPS go hiomlán ar líne, i ndiaidh athrú a rinneadh do rialacháin an AE a tháinig i bhfeidhm in 2018.) 

Sa chás gur mian le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir lena n-iarratas ar líne, féadfaidh siad sin a dhéanamh ach glaoch ar:

 

  • 0761 064424 maidir le fiosruithe faoi chlárú lewww.agfood.ie – fiosruithe maidir le pasfhocail a bheith imithe amú mar shampla nó conas clárú srl
  • 0761 064420 do dhuine ar bith a bhfuil cúnamh de dhíth orthu maidir le hiarratas BPS a chomhlánú nuair atá siad cláraithe ar www.agfood.ie.

 

Cuirfidh an Roinn tuilleadh cúnaimh ar fáil sna seachtainí atá romhainn agus déanfar fógraí breise a fhógairt go gairid.

CRÍOCH

Date Released: 21 February 2020