There were 1,539 press releases posted in the last 24 hours and 413,209 in the last 365 days.

Glao ar thograí maidir le tionscnaimh chun Dramhaíl Bia a Laghdú eisithe ag an Roinn faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe

Tá glao ar thograí eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2020 (RIDF) maidir le Dramhaíl Bia a Laghdú.

 

Cabhróidh an maoiniú seo tuilleadh leis an obair ar cuireadh maoiniú ar fáil di cheana chun fadhb atá ag méadú go tréan ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud an domhain a aithint, chun díriú uirthi agus chun dul i ngleic léi. Gintear níos mó ná milliún tonna dramhaíola in Éirinn gach bliain.  Cuideoidh na tionscnaimh seo le dul i ngleic le cuspóir ginearálta an chiste chun geilleagar na tuaithe a neartú arís trí phoist nuálacha a chruthú agus forbairt fiontair inbhuanaithe a spreagadh.

 

Baineann an Glao ar Thograí le seirbhísí a sholáthar chun tacú le tionscadail chun cur amú bia a laghdú agus atá leagtha amach le cur amú bia ó ghnóthaí, miondíoltóirí, mórdhíoltóirí agus soláthraithe bia i gceantair thuaithe a laghdú.  12:00 meán lae an 3 Aibreán 2020 an dáta deiridh le hiarratais a chur ar aghaidh. Déanfar tograí a mheas trí phróiseas iomaíochta a bhaineann le tionscadail bheartaithe a mhaoiniú.

 

Is mar seo a leanas an maoiniú iomlán a bheidh ar fáil:

 

  • €300,000 do thograí a bhaineann le cur chun cinn agus/nó forbairt a dhéanamh ar thionscadail nuálacha chun cur amú bia a laghdú agus atá dírithe ar chur amú bia i gceantair thuaithe a laghdú.  Is €100,000 an t-uasmhéid a íocfar i leith aon tionscadal (gan CLB san áireamh).  Déanfar maoiniú a bhronnadh ar bhonn iomaíoch.

 

Ní mór iarratais a dhéanamh via an fhoirm iarratais Glao ar Thograí agus is féidir teacht uirthi ar ár láithreán gréasáin anseo:

 

https://www.agriculture.gov.ie/agri-foodindustry/agri-foodandtheeconomy/cedraschemes/foodwastereduction/

 

12:00 (meán lae) an 3 Aibreán 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.     

 

CRÍOCH

Date Released: 20 February 2020