There were 1,119 press releases posted in the last 24 hours and 400,927 in the last 365 days.

Iarratais ar Mhaolú Níotráití 2020

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu gur féidir iarratais ar Mhaolú Níotráití 2020 a chur ar aghaidh chuig an Roinn anois trí úsáid a bhaint as an tairseach ar líne, www.agfood.ie  .

"Bhain breis is 6,800 feirmeoir dianstoic leas as an maolú sa bhliain 2019.

Áirítear sna Téarmaí agus Coinníollacha ar Mhaolú Níotráití 2020 liosta iomlán de na moltaí a chuir an Sainghrúpa Athbhreithnithe ar aghaidh a mhol coinníollacha breise dóibh sin atá ag feirmeoireacht faoi mhaolú a thacaíonn leis na hilchuspóirí atá ag earnáil talmhaíochta iomaíoch agus an tionchar diúltach ar chaighdeán an uisce a choinneáil chomh híseal agus is féidir ag an am céanna. Chuaigh saineolaithe ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Teagasc agus an EPA i mbun an t-athbhreithniú i gcomhar seo sa bhliain 2019 agus mhol siad moltaí ar ghlac an dá Aire leo.  Tá Maolú Níotráití ag brath ar chaighdeáin cháilíocht an uisce a bhaint amach, agus tá na bearta breise seo, atá san áireamh anois sna riachtanais faoi scéim 2020, leagtha amach chun tuilleadh cosaint a thabhairt do cháilíocht an uisce. 

Ní mór iarratais a chur ar aghaidh trí úsáid a bhaint as an gcóras ar líne atá dírithe ar an bpróiseas iarratais a shimpliú agus cuidiú le feirmeoirí pionóis a sheachaint. Is féidir le feirmeoirí fanacht comhlíontach leis na Rialacháin trína mbeostoc a bhainistiú chun go mbeifear ag feirmeoireacht faoi na teorainneacha, an dóthain sciodair/aoiligh ó chlós na feirme a chur den fheirm nó trína thuilleadh talún a fháil ar cíos ach tá na feirmeoirí sin faoi réir riachtanais bhreise i mbliana.

Bhain breis is 6,800 feirmeoir leas as an maolú sa bhliain 2019.

 

Is féidir teacht ar Ráitis Nítrigine agus Fosfair suas go dtí deireadh mhí na Nollag 2019 ar chóras ar líne na Roinne www.agfood.ie. Is féidir leis na ráitis sin cuidiú le feirmeoirí dul i mbun pleanála agus a chinneadh an mbainfeadh siad féin leas as iarratas a dhéanamh ar mhaolú.

Dé Céadaoin an 8 Aibreán 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar  www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Tá tuilleadh eolais le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas: https://www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/nitratesderogation/

Is féidir tuilleadh eolais ar Athbhreithniú ar Mhaolú Níotráití 2019 a fháil anseo: https://www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/2019nitratesderogationreview/

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Maolú Níotráití

Faoin Maolú Níotráití féadann feirmeoirí an teorainn 170 kg d'aoileach in aghaidh an heicteáir mar atá leagtha síos sna Rialacháin Níotráití a shárú suas go 250 kg an heicteár, ach cloí le rialacha níos déine. Chun go mbeidh iarratas ar Mhaolú Níotráití bailí, ní mór cloí le téarmaí agus coinníollacha ar fad an mhaolaithe, iad seo a leanas san áireamh:

  • Ní mór iarratas a dhéanamh chuig an Roinn gach bliain ar líne. Ní ghlacfar le hiarratais ar an bpost.
  • A bheith i mbun feirmeoireachta ar ghabháltas a bhfuil 80% de faoi fhéar.  Féaránaigh a bheith agat - ní cheadófar maolú ach amháin i ndáil le féaránaigh.
  • Ní mór 50% de gach sciodar a tháirgtear ar fheirm maolúcháin a bheith scartha faoin 15 Aibreán 2020. Ní féidir sciodar a scaradh ar sealúchais maolúcháin ón dáta sin ach le trealamh astaíochtaí ísle.
  • Ní bheidh cimín ná féarach garbh incháilithe don mhaolú 250 kg N/ha atá ceadaithe. Beidh teorainn go dtí an lamháltas ≤170 kg N/ha i gceist le háirimh i ndáil le leasacháin ceimiceáin ar chimíní/féarach garbh.
  • Ní mór seamair a bheith tríd nuair atá féar á fhás.

 

 

  • Ní mór tabhairt faoi thomhais agus taifeadadh féir nó freastal ar thraenáil maidir le bainistiú féaraigh.
  • Ní mór tabhairt faoi thraenáil timpeallachta.

 

 

  • Ní mór clár aolta a ghlacadh.
  • Ní mór tabhairt faoi bheart bithéagsúlachta ón bplean pailneoirí Uile Éireann.

 

 

  • Tá uasrátaí socraithe don chéatadán de gharbhphróitéin i gcion déiríochta.

 

  • Ní mór stóráil leordhóthanach a bheith ar gach gabháltas atá ag teacht faoin maolú chun aoileach agus uisce salach a tháirgtear ar an ngabháltas a stóráil.
  • Plean Leasacháin a bheith i bhfeidhm ar an ngabháltas faoin 1 Márta. Ba chóir an plean seo a chur ar aghaidh chuig an Roinn chomh maith le foirm iarratais murar chuir an feirmeoir plean leasacháin ar aghaidh chuig an Roinn sa bhliain 2017, 2018 nó 2019.
  • Ní mór pleananna leasacháin a bheith bunaithe ar thorthaí anailíse ithreach tar éis an 15 Meán Fómhair 2016.
  • Caithfidh iarratasóirí nua nach bhfuil torthaí anailíse ithreach acu glacadh le hInnéacs 3 don bhliain 2020 ach ní mór anailís ar shampla ithreach i ndáil le bliain bairr 2020 a bheith ar fáil agus an plean leasacháin a bheith leasaithe dá réir agus curtha ar aghaidh ar líne chuig an Roinn roimh an 31 Márta 2021.
  • Ní mór cuntais leasacháin a bheith curtha ar aghaidh chuig an Roinn tráth nach déanaí ná an 31 Márta an bhliain ina dhiaidh sin.
  • Ní ceadmhach d'iarratasóirí ar Mhaolú Níotráití aoileach a thabhairt isteach ar a ngabháltas.
  • Tá tuilleadh eolais le fáil faoi mhaolú ar láithreán gréasáin na Roinne ag https://www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/nitratesderogation/

 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 11 February 2020