There were 1,904 press releases posted in the last 24 hours and 399,262 in the last 365 days.

Fógartha ag an DAFM go bhfuil an teacht atá ag onnmhairí beostoic na hÉireann leathnaithe anois go dtí margadh na hAilgéire

Tá an teacht atá ag onnmhairí beostoic na hÉireann leathnaithe go dtí margadh na hAilgéire ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar lá a haon den Mhisean Trádála.

Chomhaontaigh agus shínigh údaráis na hAilgéire teastas chun eallaí a onnmhairiú as Éirinn go dtí an Ailgéir lena marú le héifeacht láithreach. Socraíodh anuraidh go mbronnfaí teastais chun eallaí a onnmhairiú le haghaidh póraithe agus le haghaidh ramhraithe.

Faoi chomhaontú an lae inniu, cuirfear deiseanna móra ar fáil d'onnmhairithe beostoic na hÉireann agus is léiriú an comhaontú sin ar na caighdeáin is airde de shláinte agus leas ainmhithe atá in Éirinn. Maidir le honnmhairí beo, is í an DAFM a bhíonn i mbun na gcóras géar sláinte agus leas ainmhithe chun leas eallaí a chosaint nuair a bhíonn siad á n-iompar.

Chuir an cruinniú dlús chomh maith faoin bplé atá ar siúl chun go mbeidh teacht ag onnmhairí mairteola agus caoireola na tíre seo ar mhargadh na hAilgéire. I measc na saincheisteanna eile a pléadh bhí na deiseanna rannpháirtíochta agus comhpháirtíochta a d'fhéadfadh a bheith idir an dá thír chomh maith le comhpháirtíocht theicniúil.

Nótaí d'eagarthóirí

Is ionann margadh na hAilgéire agus príomhdheis d'onnmhairí beostoic na hÉireann. Tháinig fás láidir ar allmhairí eallaí beo sa bhliain 2019 go dtí tuairim is 100,000 bó, agus is tairbh óga a bhí i 75% díobh sin.

 

CRÍOCH

The Department of Agriculture, Food and the Marine has expanded market access for Irish livestock exports to Algeria during day one of the Trade Mission. Algerian authorities agreed and signed a certificate for the export of cattle for slaughter from Ireland to Algeria with immediate effect. This follows on from agreement from last year on certificates for export of cattle for breeding and fatteni

 

Date Released: 02 February 2020