There were 1,812 press releases posted in the last 24 hours and 399,422 in the last 365 days.

Is gearr uainn an spriocdháta chun Áireamh Caorach agus Gabhar 2019 a sheoladh ar aghaidh

Is é Dé hAoine an 31 Eanáir 2020 an dáta deiridh a nglacfar le foirmeacha comhlánaithe áirimh caorach agus gabhar 2019 ar an bpost.

Tá síneadh curtha leis an spriocdháta go dtí 23:59 ar Dé hAoine an 14 Feabhra 2020 do thuairisceáin áireamh a chuirtear ar aghaidh ar líne via agfood.ie.

Ní mór sonraí áirimh a chuirtear ar aghaidh a thaifead sa chuid chuí de Chlár Tréada Caorach/Gabhar an choimeádaí.

Ní mór tuairisceáin poist atá curtha i gcrích a bheith faighte ag Seefin Data Management ag Bosca PO 17, An Post, Cahirdown, Lios Tuathail DSU, Co. Chiarraí faoi dheireadh an lae gnó Dé hAoine an 31 Eanáir 2020.  Ní ghlacfar le tuairisceáin poist ag aon seoladh eile. Ní phróiseálfar foirmeacha a sheoltar chuig seoladh ar bith eile. Cuireadh clúdaigh litreacha a raibh seoladh orthu cheana féin ar fáil do choimeádaithe cláraithe in éineacht le foirmeacha áirimh 2019 a eisíodh ag tús mhí na Nollag 2019.

Sa chás go gcuirtear foirm áirimh sa phost ach nach bhfaigheann Seefin Data Management í, tabhair ar aird nach nglacfar ach le fáltas Poist Chláraithe mar chruthúnas ar phostas. Ní ghlacfar le deimhniú postais mar chruthúnas cuí ar phostas.

Glacfar le tuairisceáin áirimh ar líne go dtí 23:59 Dé hAoine an 14 Feabhra 2020. Glacfar le haighneachtaí ar líne tar éis an ama sin, ach measfar na haighneachtaí a fhaightear ar an 15 Feabhra 2020 nó ina dhiaidh sin a bheith deireanach.

Is furasta aighneachtaí áirimh caorach agus gabhar a dhéanamh ar líne agus is féidir é a dhéanamh go sciobtha chomh fada agus go bhfuil coimeádaithe cláraithe le agfood.ie.

Ní mór do choimeádaithe cláraithe logáil isteach ar agfood.ie, agus Aithint agus Gluaiseacht Ainmhithe a roghnú.  (Má fhaigheann tú leid chun speiceas a roghnú), roghnaigh Caoirigh (nó gabhair mar is cuí), ansin Coimeádaí, Áireamh agus Cruthaigh ina dhiaidh sin. Léireofar leagan ar líne d'áireamh 2019 don speiceas a roghnaítear ansin. Tugann an córas ar líne deimhniú nuair a chuirtear isteach sonraí áirimh go rathúil.

Is féidir le coimeádaithe nach bhfuil cláraithe cheana féin é sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an rogha chun clárú. Ba chóir a thabhairt ar aird nár mhór do choimeádaithe atá ag clárú den chéad uair a ndóthain ama a chur ar leataobh tar éis dóibh clárú chun go bhfaighidh siad a gcuid sonraí chun logáil isteach ar an bpost sula mbeidh siad ábalta a gcuid sonraí áirimh a chur ar aghaidh ar líne. Mar sin, ní mór do choimeádaithe sa chás seo clárú le agfood.ie chomh luath agus is féidir chun a chinntiú go mbeidh a n-aighneacht áirimh do 2019 curtha i gcrích faoin 14 Feabhra 2020.

Tá ceanglas dlí ar choimeádaithe an t-eolas áirimh caorach agus gabhar a chomhlánú agus a chur ar ais chuig an Roinn ar bhonn bliantúil.

Is cuid lárnach d'admháil a thabhairt go bhfuil na rátaí stocála atá riachtanach á gcomhlíonadh agus an t-áireamh comhlánaithe a sheoladh ar ais agus trí sin, éascaítear íocaíochtaí faoi scéimeanna ar nós Scéim Leasa na gCaorach, Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí, Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha, AOES, GLAS etc. a tharraingt anuas. D'fhéadfadh sé cur isteach ar cháilitheacht do scéimeanna agus d'íocaíochtaí Roinne áirithe mura seoltar an t-áireamh ar ais in am nó mura seoltar tuairisceán ar bith.

Ní chuirfear síneadh leis na spriocdhátaí atá leagtha amach, Dé hAoine an 31 Eanáir 2020 do thuairisceáin poist agus an 14 Feabhra do thuairisceáin ar líne.

Nótaí d'Eagarthóirí

Áireamh Bliantúil Caorach agus/nó Gabhar 2019

  • Is riachtanas faoi Rialachán (AE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle é sonraí áirimh caorach agus gabhar a chomhlánú agus a chur ar aghaidh.
  • Is faoi choimeádaí an tréada atá sé a chinntiú go bhfaightear foirmeacha comhlánaithe an áirimh atá á seoladh ar ais ar an bpost in am. 

 

 

CRÍOCH

Date Released: 29 January 2020