There were 1,911 press releases posted in the last 24 hours and 426,647 in the last 365 days.

Béim leagtha arís ag an Aire Creed ar an tábhacht atá le buiséad láidir CAP d'fhonn tacú leis an ról ríthábhachtach atá ag cúrsaí talmhaíochta le dul i ngleic le hathrú aeráide

Tá iarrtha arís ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed go gcuirfí buiséad cuí CAP ar fáil chun tacú le huaillmhianta timpeallachta CAP i ndiaidh na bliana 2020 agus le Comhaontú Glas nua don Eoraip.

 

Labhair an tAire Creed le linn díospóireachta ar ghnéithe talmhaíochta an Chomhaontaithe Glas ag Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh na nAirí inniu sa Bhruiséil agus leag sé béim ar an tábhacht a bhaineann le talmhaíocht a aithint mar chuid den réiteach atá leis an dúshlán a leagan an t-athrú aeráide romhainn.  

 

Agus é ag trácht ar an ngá go mbeadh cur chuige cothrom ann, dúirt an tAire Creed: "D'fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith i gceist do tháirgeacht bia san AE, atá ag teacht le creat rialála ina gcuimsítear caighdeáin arda talmhaíochta cheana féin, mura bhfuil cur chuige cothrom ann do thalmhaíocht."

 

Leag an tAire béim faoi leith ar líon fachtóirí nár mhór a ghlacadh san áireamh ina leith sin, lena n-áirítear an gá atá le táirgeadh a sheachfhoinsiú chuig tíortha nach bhfuil chomh héifeachtúil leis an AE ó thaobh na haeráide de a sheachaint agus an gá atá ann gníomhú ar son na haeráide ag leibhéal feirme a spreagadh chomh maith le haistriú cothrom a chinntiú.

 

Agus béim á leagan aige ar an riachtanas buiséid dúirt an tAire Creed: "ní mór dúinn a chinntiú go gcuirtear buiséad láidir CAP ar fáil d'fhonn a chinntiú go gcuirtear bearta ábhartha agus éifeachtacha i bhfeidhm. Maidir leis sin, tá sé deacair a thuiscint gur ionann laghdú i mbuiséad CAP agus aistriú cothrom."

Luaigh sé go gcosnóidh sé airgead gníomhaíochtaí timpeallachta a chur i bhfeidhm agus nár mhór acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil d'fheirmeoirí agus do phobail tuaithe agus mar fhocal scoir dúirt an tAire: "Buile mór a bheadh ann mura ndéantar an maoiniú breise a chur ar fáil chun tacú leis na haidhmeanna móra atá againn."

 

Phléigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh ceanglais lipéadaithe do mhil agus leas ainmhithe chomh maith agus rialacha aistrithe an AE atá beartaithe chun an bhearna atá idir na tograí CAP atá ann faoi láthair agus na tograí nua CAP a dhúnadh. 

 

Ghlac an tAire Creed páirt i gcainteanna déthaobhacha fiúntacha leis an gCoimisinéir Wojciechowski ar theorainneacha na Comhairle chomh maith. Is ar bhuiséad CAP agus ar an gComhaontú Glas don Eoraip a leagadh an bhéim arís, agus i measc na n-ábhar eile a pléadh bhí CAP i ndiaidh na bliana 2020 agus na rialacháin aistrithe.

 

Le linn chruinniú na Comhairle chaith an tAire Creed agus Airí eile de chuid an AE am lóin i mbun cainteanna le Rúnaí Talmhaíochta Mheiriceá Sonny Perdue. Leag an tAire Creed béim ar an tábhacht a bhaineann le trádáil a mbeidh leas ag an dá dhream aisti agus ar chaidrimh níos leithne agus thug sé ar aird go háirithe nach bhfuil na deacrachtaí trádála den chineál a bhíonn mar thoradh ar dhíospóid Boeing/Airbus WTO chun leasa aon duine sa deireadh thiar.

 AgriFish Council Jan 2020

 

CRÍOCH

                       

Date Released: 27 January 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.