There were 1,666 press releases posted in the last 24 hours and 400,416 in the last 365 days.

Oscailt Bhliain 4 de Scéim Leasa na gCaorach fógartha ag an Roinn

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go gcuirfear tús leis an gceathrú bliain de Scéim Leasa na gCaorach an 1 Feabhra 2020.  Clárófar rannpháirtithe atá sa scéim cheana féin go huathoibríoch do bhliain 4 agus ní bheidh aon gá dóibh aon ghníomh a ghlacadh más mian leo fanacht sa scéim.

 

Cuirtear tacaíocht ar fáil d'fheirmeoirí faoi Scéim Leasa na gCaorach chun tabhairt faoi ghníomhartha a rachaidh chun leasa folláine an tréada. Eiseoidh an Roinn pacáistí eolais go luath chuig rannpháirtithe na scéime ina mbeidh téarmaí agus coinníollacha na scéime do bhliain 4 chomh maith le leabhair Thaifeadta Gnímh 2020.’ Seoladh an scéim i mí na Nollag 2016.

 

Táthar ag glacadh le hiarratais anois chomh maith le bheith páirteach i mbliain 4 de Scéim Leasa na gCaorach ó iontrálaithe nua ar fheirmeoireacht caorach.  Chun críocha na scéime, sainmhínítear iontrálaí nua ar fheirmeoireacht caorach mar iarratasóir a bhfuil iarratas déanta aige ar uimhir thréada nua ón 1 Eanáir 2020 agus roimh an 31 Nollaig 2020, nó iarratasóir a bhfuil uimhir thréada aige cheana féin ach nár choinnigh caoirigh ná nár thrádáil caoirigh ar feadh tréimhse dhá bhliain suas go dtí an 31 Deireadh Fómhair roimh bhliain na scéime.

 

Tá an Roinn ag moladh do gach iontrálaí nua incháilithe in earnáil na caorach a gcuid foirmeacha a sheoladh ar ais faoin 1 Feabhra.

 

 

 

CRÍOCH

Date Released: 15 January 2020