There were 1,919 press releases posted in the last 24 hours and 426,638 in the last 365 days.

Scéim Ghinearálta an Bhille Iascaigh Mhara (Leasú) 2020

Tá cead tugtha ag an Rialtas don Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara socruithe a dhéanamh chun Scéim Ghinearálta an Bhille Iascaigh Mhara (Leasú) 2020 a chur ar aghaidh chuig Comhchoiste an Oireachtais um Thalmhaíocht, Bia agus Muir do ghrinnscrúdú réamh-reachtaíochta sula gcuirfear ar aghaidh í chuig Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte lena dréachtú. 

 

Is é an príomhchuspóir a bhaineann leis na leasuithe reachtaíochta atá beartaithe córas pointí a chur ar fáil do mháistrí (scipéirí) soitheach iascaireachta maidir le sáruithe tromchúiseacha ar rialacha an Chomhbheartais Iascaigh mar a éilítear le Rialachán 1224/2009 ón gComhairle. Réiteofaí roinnt botúin chlóghrafacha in Acht 2006, Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí 2006, leis an reachtaíocht leasaithe dréachta seo agus thabharfaí isteach leasuithe éagsúla agus teicniúla.

 

Tá an Scéim Ghinearálta foilsithe ar láithreán greasáin na Roinne agus curtha ar aghaidh chuig Comhchoiste an Oireachtais um Thalmhaíocht, Bia agus Muir do ghrinnscrúdú réamh-reachtaíochta.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 10 January 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.