There were 1,427 press releases posted in the last 24 hours and 400,048 in the last 365 days.

An Dara cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola ar siúl i dTeach na Talmhaíochta

Reáchtáladh an dara cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola an 9 Eanáir i dTeach na Mairteola.

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. a bhunaigh an Tascfhórsa Mairteola de bhun comhaontaithe an 15 Meán Fómhair.

Dúirt an tAire Creed "Tá tús maith curtha anois le hobair an Tascfhórsa agus dul chun cinn mór déanta chun maith a dhéanamh do na tiomantais a rinneadh faoin gcomhaontú i ndáil leis an earnáil mairteola.  Tá áthas orm miondíoltóirí na hÉireann a fheiceáil i mbun rannpháirtíocht fhiúntach le hobair an Tascfhórsa, agus is den ríthábhacht é go ndéantar caidrimh a mbeidh leas ag an dá dhream astu a chothú agus fhorbairt ar fud an tslabhra soláthair ar mhaithe le mairteoil na hÉireann amach anseo."

Ag cruinniú an lae inniu, bhí ionadaithe ó mhiondíoltóirí na hÉireann i mbun rannpháirtíochta le comhaltaí an Tascfhórsa maidir le riachtanais an mhargaidh agus an chustaiméara, go háirithe i ndáil leis na critéir bónais in-spec atá i bhfeidhm faoi láthair in earnáil mairteola na hÉireann.  Thug siad gealltanas chomh maith a bheith rannpháirteach le hathbhreithniú neamhspleách ar na riachtanais atá coimisiúnaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Bhí plé mionsonraithe ann ina dhiaidh sin faoi Ghreille an Chórais Íocaíochta Caighdeáin, rangú conablach agus eagraíochtaí léiriúcháin chomh maith le tuarascáil chothrom le dáta ar an margadh.

Déanfar na miontuairiscí a comhaontaíodh agus na cáipéisí cuí leis an eolas is déanaí a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an DAFM chomh luath agus is féidir: https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beef/beeftaskforce/

 

CRÍOCH

Date Released: 09 January 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.