An meabhrúchán deiridh le haghaidh freagraí ar chomhairliúchán Ag Climatise eisithe ag an Aire Creed
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. don phobal feirmeoireachta agus don phobal i gcoitinne go mbeidh deireadh ag teacht go luath leis an gcomhairliúchán poiblí i ndáil le Plean Oibre Náisiúnta Aeir & Aeráide don Earnáil Talmhaíochta go dtí an bhliain 2030 agus ina dhiaidh - dar teideal Ag-Climatise.
Dúirt an tAire, "Tá spriocdháta an Aoine don chomhairliúchán ag teannadh linn, agus tá sé tábhachtach go gcuirfidh feirmeoirí agus an earnáil agraibhia níos leithne a gcuid tuairimí ar aghaidh. Cáipéis beartais thar a bheith tábhachtach a bheidh i bPlean Oibre Ag-Climatise don earnáil seo sna blianta atá ag teacht agus ina dhiaidh sin. Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh gach duine a gcuid tuairimí in iúl. Ní mór do na páirtithe leasmhara agus feirmeoirí ar fad a bheith rannpháirteach go hiomlán má táimid chun na hathruithe atá le déanamh a thabhairt chun críche."
Tá cuspóir phlean oibre Ag-Climatise soiléir. Faoin bplean oibre seo déantar ár dtiomantais faoin bPlean Gníomhaithe Uile Rialtais ar son na hAeráide a aistriú agus déantar iad a aistriú ina ngníomhaíochtaí soiléir d'fhonn ár dtiomantais a thabhairt chun fíre. Tá oifigigh as mo Roinn féin ag eagrú tuilleadh rannpháirtíochta le príomhpháirtithe leasmhara i láthair na huaire. Éascóidh sin plé go luath ar roinnt de na treochtaí atá ag teacht chun cinn ón bpróiséas comhairliúcháin."
Nótaí d'Eagarthóirí:
Dé hAoine an 10 Eanáir 2020 an dáta a mbeidh deiridh leis an gcomhairliúchán.
Tá dhá ghné ag baint leis an gcomhairliúchán, mar seo a leanas:
- Plean Oibre maidir le Ag Climatise ina leagtar amach cúinsí agus ina gcuirtear roinnt ceisteanna.
- Suirbhé ar líne chun freagra ar na ceisteanna a éascú. Suirbhé Ag-Climatise. Glacfaidh sé thart ar 35 nóiméad an suirbhé a chur i gcrích.
Cuirtear fáilte chomh maith roimh thuairimí i scríbhinn chuig Agclimatise@agriculture.gov.ie agus sa phost chuig:
Comhairliúchán maidir le Plean Oibre Aeráide & Aeir
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara,
An Rannán Beartas um Athrú Aeráide & Bithfhuinneamh
Ionad Gnó Grattan,
Bóthar Bhaile Átha Cliath,
Port Laoise,
Co. Laoise
Éire
R32 K857
Is féidir an Plean Gníomhaithe Uile-Rialtais ar son na hAeráide a fháil anseo
CRÍOCH
Date Released: 08 January 2020