There were 1,507 press releases posted in the last 24 hours and 400,123 in the last 365 days.

Casann Doyle le cumann Conraitheoirí Feirme & Foraoiseachta in Éirinn chun ceadúnú foraoiseachta a phlé

Chas an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D. inniu leis an gcumann Conraitheoirí Feirme & Foraoiseachta in Éirinn (FCI) chun fadhbanna atá ann faoi láthair maidir le ceadúnú d'oibríochtaí foraoiseachta in Éirinn a phlé. Is faoi stiúir an Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin Michael Moroney a bhí toscaireacht an FCI a dhéanann ionadaíocht ar chonraitheoirí foraoiseachta neamhspleácha in Éirinn.

Thug an tAire an t-eolas is déanaí don FCI ar na hathruithe is déanaí ar phróiseas ceadaithe an DAFM maidir le ceadúnú foraoiseachta. D'aithin an tAire chomh maith go bhfuil deacrachtaí le sárú ag conraitheoirí foraoiseachta mar thoradh ar an moilliú atá ann ceadúnais a eisiúint agus thug le fios don FCI go bhfuiltear ag déanamh gach uile rud is féidir chun na fadhbanna sin a mhaolú. Pléadh an méid atá i ndán don earnáil amach anseo le linn an chruinnithe, mar a bhféadfaí na fadhbanna atá ann faoi láthair a mhaolú ag baint leas as ceadúnais chun crainn a leagan nach bhfuil in úsáid ach atá i gcúrsaíocht faoi láthair san áireamh.

Dúirt an tAire freisin "tá an conraitheoir foraoiseachta neamhspleách lárnach do rath earnála foraoiseachta na hÉireann agus tuigim go rímhaith an tábhacht atá ann leas a bhaint as an infheistíocht shuntasach atá déanta acu i scileanna agus in innealra. Tá idirspleáchas na hearnála foraoiseachta ón bplandálaí go dtí an próiseálaí an-tábhachtach ar mhaithe le rath na hearnála amach anseo.  Ó thaobh mo Roinne de, gheall muid leanúint de bheith ag obair leis an FCI chun eisiúint ceadúnas nua a fheabhsú agus táim ag iarraidh a dhearbhú do na conraitheoirí ar fad go bhfuil gach iarracht á déanamh ina leith sin".

 

 

CRÍOCH

Date Released: 23 December 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.