Buíochas glactha ag an Aire Creed le húinéirí trálaer agus 96% de fhlít na dtrálaer mór páirteach i 'dTionscnamh na nAigéan Glan'
Iascairí na hÉireann ag tabhairt dramh-phlaistigh leo agus iad ag trálaeireacht na farraigí móra
Tá fáilte curtha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. roimh an ardú atá tagtha ar líon na dtrálaer agus na mbád iascaireachta eile atá anois ag glacadh páirt i dTionscnamh Aigéan Glan na hÉireann.
Sheol an tAire Tionscnamh na nAigéan Glan i mí Eanáir na bliana seo i mBréantrá d'fhonn dul i ngleic leis an bhfadhb mhór a bhaineann le truailliú plaistigh mara. D'iarr an tAire ar fhlít na dtrálaer iascaireachta ar fad páirt a ghlacadh sa scéim faoin 31 Nollaig 2019 agus é á seoladh. I láthair na huaire tá 168 trálaer agus 56 bád iascaireachta eile páirteach sa Tionscnamh agus tá 12 chalafort cláraithe agus páirteach ann.
Dúirt an tAire Creed, "Tá aghaidh tugtha ag iascairí ar an dúshlán a chur mé os a gcomhair ag tús na bliana seo agus táim dáiríre ar fad nuair a deirim go bhfuil ríméad orm go bhfuil 96% de thrálaeir na tíre ag páirteach ann anois, ach teastaíonn uainn go nglacfadh gach uile trálaer páirt ann. Tá an-áthas orm gur thug Eagraíochtaí Táirgthe Iascaigh a dtacaíocht don tionscnamh seo agus go bhfuil siad ag spreagadh a gcuid ball a bheith páirteach ann."
Déanann Eagraíochtaí Táirgthe Iascaigh ionadaíocht ar an gcuid is mó de fhlít trálaer na hÉireann agus maoinítear iad faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh do ghníomhaíochtaí táirgthe agus margaíochta.
Tá na haigéin a chosaint ar cheann den 17 Sprioc Dhomhanda a chuimsítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Is léiriú ar thiomantas na hÉireann do Sprioc 14, Saol faoi uisce, í an díograis atá ann do Thionscnamh na nAigéan Glan.
Laistigh de 9 mí in 2019 bailíodh tuairim is 150 tonna plaisteach as an bhfarraige ó 12 de na calafoirt is gnóthaí sa tír agus bailíodh 54 tonna de sheaneangacha chomh maith chun iad a athchúrsáil ag baint úsáid as mionghearrthóir soghluaiste an BIM, an 'Meaisín Glas'.
Thug an tAire Creed an deis a bhí ann páirt a ghlacadh i dTionscnamh na nAigéan Glan le fios thar tréimhse na Nollag "Tá an chuid is mó páirteach ann anois, tá súil agam go mbainfidh an chuid eile de na húinéirí trálaer leas as tréimhse na Nollag agus iad ar thalamh tirim chun a gcuid páipéarachas a sheoladh chuig an BIM chun go mbeidh siad féin agus a gcriú ábalta leas a bhaint as na saoráidí a chuireann an Tionscnamh ar fáil. Chomh maith leis sin ba mhaith liom Nollaig mhór mhaith agus shábháilte a ghuí ar gach uile dhuine san earnáil iascaireachta agus ar na pobail le cósta.
Moltar d'iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar líne ag http://www.bim.ie/fishing-for-litter/ nó trí theagmháil dhíreach a dhéanamh le BIM ag (01)2144100.
CRÍOCH
Date Released: 24 December 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.