There were 1,803 press releases posted in the last 24 hours and 426,413 in the last 365 days.

Deimnithe ag an Aire Creed go bhfuiltear tosaithe ag déanamh íocaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM)

Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu go bhfuiltear tosaithe ag déanamh íocaíochtaí faoi Bheart Cúnaimh Eisceachtúil Mairteola (BEAM) 2019 le 32,444 feirmeoir, iocaíochtaí ar fiú €75 milliún iad.

Dúirt an tAire, “Is ionann na híocaíochtaí breise seo, atá ar leibhéal suntasach, le feirmeoirí in earnáil na mairteola faoi BEAM is aitheantas soiléir ó mo Roinn, ón Rialtas agus ón AE go raibh na feimeoirí ag obair i dtimpeallacht dhúshlánach agus dheacair le roinnt blianta anuas.  Is íocaíochtaí iad seo sa mbreis ar an €15.4 milliún atá íoctha amach faoi BEEP agus €34.4 milliún faoi BDGP le roinnt seachtainí. Is ionann sin is €125 milliún a bheith íoctha le feirmeoirí mairteola na hÉireann. Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tá €1.72 billiún ar an iomlán íoctha amach faoi réimse scéimeanna atá á reáchtáil ag mo Roinnse.

Leanfar d'íocaíochtaí BEAM a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhneofar go bhfuil feimeoirí ag comhlíonadh cheanglais an Bhirt.

 

CRÍOCH

Date Released: 12 December 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.