There were 1,837 press releases posted in the last 24 hours and 399,361 in the last 365 days.

An tAire ag iarraidh ar dhaoine a bheidh ag taisteal le linn na Nollag a bheith ar an eolas faoin mbaol a bhaineann le fiabhras Afracach na muc scaipeadh go hÉirinn

Thapaigh an tAire Michael Creed an deis inniu a mheabhrú do dhaoine an athuair faoin mbaol a bhaineann le Fiabhras Afracach na Muc (ASF) d'earnáil na muc in Éirinn agus faoin méid is féidir le daoine a bheidh ag taisteal le linn na Nollag a dhéanamh chun cosc a chur ar an ngalar fíorthromchúiseach seo scaipeadh chun na hÉireann.

 

Dúirt an tAire “Ba cheart d'aon duine atá ag teacht ar ais ó thíortha atá buailte ag ASF le linn shaoire na Nollag gan táirgí muiceola ar nós liamhás nó salami a thabhairt ar ais leo”. Dúirt an tAire ina dhiaidh sin “is féidir leis an víreas atá ina chúis le ASF maireachtáil ar feadh míonna i bhfeolta cócaráilte nó leasaithe agus má thugtar é mar bheatha do mhuca, bíodh sin trí thimpiste nó eile, d'fhéadfadh sé a bheith ina chúis leis an ngalar.” Mheabhraigh an tAire do gach duine a choinníonn muca, fiú mura gcoinníonn siad ach muc nó dhó “gan dramhbhia a thabhairt do mhuc le hithe. D'fhéadfadh an galar seo a bheith ar leac an dorais againn mar gheall ar rud chomh simplí le  ceapaire liamháis, salami nó táirge feola - agus dhéanfadh sé sin scrios millteanach ar fad”.

 

Tá Fiabhras Afracach na Muc ag scaipeadh ar fud an domhain go leanúnach. Maraítear an chuid is mó de na muca a mbuaileann an galar iad agus bíonn iarmhairtí tromchúiseacha ag baint leis d'fheirmeoirí muc, próiseálaithe feola agus onnmhaireoirí sna tíortha atá buailte Faoi láthair, tá deich mballstát de chuid an AE buailte ag an ngalar mar aon le go leor tíortha eile nach bhfuil san AE, lena n-áirítear an tSín, atá ar cheann de na táirgeoirí muiceola is mó ar domhan.  

 

Leag an tAire béim nach bhfuil aon bhaol ag baint leis do shábháilteacht bhia ná do shláinte an phobail ach bheadh tionchar ollmhór ag ráig den ghalar seo ar thionscal na muc sa tír seo. Tá beagnach 1.7 milliún muc in Éirinn agus b'ionann luach onnmhairí muiceola in 2018 agus €666 milliún.

 

 

Nótaí d'Eagarthóirí:        

Cad is Fiabhras Afracach na muc ann agus cén tionchar atá aige?

 

  • Is galar víreasach é fiabhras Afracach na muc a tholgann muca agus toirc allta a mbíonn bás mar thoradh air go hiondúil. D'fhéadfadh caillteanas tubaisteach a bheith mar thoradh ar an ngalar d'fheirmeoirí muc agus do thionscal na muc. Sa Pholainn, sa Liotuáin sa Laitvia agus san Eastóin, measadh go raibh caillteanas thart ar $961 milliún i gceist don tionscal onnmhairithe.
  • Níl daoine ná speicis eile i mbaol ag an ngalar seo. Féadann muca an galar a tholgadh trí chonablaigh muc marbh a smúradh, trí tháirgí bia ina bhfuil an víreas a ithe, nó trí theacht i dteagmháil le héadaí agus buataisí a bhí á gcaitheamh ag feirmeoirí, sealgairí agus daoine eile le linn dóibh muca ionfhabhtaithe a láimhsiú.

 

 

  • Níl aon leigheas ná vacsaín ar fáil in aghaidh ASF agus tá an galar ag scaipeadh ar fud na cruinne.
  • Ón 1 Eanáir 2019 i leith, tuairiscíodh ASF i muca clóis agus i dtoirc allta araon sa Bhulgáir, sa Rómáin, sa Pholainn, sa Laitvia, sa Liotuáin sa tSairdín agus sa tSlóvaic. San Ungáir, san Eastóin agus sa Bheilg, níor tuairiscíodh ASF ach amháin i dtoirc allta. Go dtí seo in 2019, tuairiscíodh na chéad ráigeanna d'ASF sa Mhongóil, sa Chambóid, sa Chóiré Thuaidh, sa Chóiré Theas, Laos, Maenmar, Vítneam agus le gairid anuas sna hOileáin Fhilipíneacha agus i dTíomóir Thoir. Tá an tSín buailte ag an ngalar ó 2018 i leith.

 

 

  • Tá Éire saor ó Fhiabhras Afracach na Muc. Ach mar sin féin, ní féidir linn a bheith réchúiseach. Tá sé ríthábhachtach dúinn gníomhú le chéile chun an galar seo a choinneáil amach as Éirinn ar mhaithe le muca, feirmeoirí muc agus Tionscal Agraibhia na tíre. Tá a chuid féin le déanamh ag gach duine.

 

Cad is féidir linn a dhéanamh chun a chinntiú nach dtiocfaidh an galar ASF go hÉirinn?

 

  • Cé nach gcuireann ASF as do dhaoine agus go bhfuil an fheoil fós sábháilte le hithe, féadann an víreas maireachtáil ar feadh míonna i muiceoil agus i dtáirgí muiceola lena n-áirítear feolta leasaithe, liamhása, ispíní agus salami etc. Brisfidh an galar amach má itheann muca dramhbhia ina bhfuil feoil ionfhabhtaithe. Dá bharr sin, níor chóir dramhbhia a thabhairt le hithe do mhuca riamh.

 

  • Má tá tú chun taisteal thar lear, nó más cuairteoir ar Éirinn tú, iarraimid ort gan feoil ná táirgí feola a thabhairt go hÉirinn. Má aimsítear táirgí feola as tíortha nach bhfuil san AE i do bhagáiste, tabhair ar aird go bhféadfaí fíneáil a ghearradh ort nó tú a ionchúiseamh.

 

  • Níor chóir dramhbhia a thabhairt do mhuca ná d'aon ainmhí feirme eile riamh ná é a fhágáil thart in áit ina bhféadfadh ainmhithe fiáine nó éin teacht a bheith acu air. Táthar den tuairim gur bhris an ráig amach sa Bheilg le gairid mar gheall ar dhramhbhia a bheith fágtha in áiteanna ina raibh toirc allta in ann teacht air. Ba chóir dramhbhia a dhiúscairt in araidí iata amháin.

 

  • Má tá muca agat nó má bhíonn tú ag plé le muca, fiú mura bhfuil ach muc nó dhó i gceist, ná cuir do chuid ainmhithe nó do ghnó i mbaol. Ná lig d'aon duine, fiú do dhaoine muinteartha leat ag teacht ar cuairt, táirgí feola a thabhairt chuig d'fheirm ach amháin sa chás go bhfuil a fhios agat go bhfuil na táirgí feola sin sábháilte. Ná lig d'aon duine teacht i dteagmháil le do chuid muc má thug siad cuairt ar thír atá buailte ag ASF le gairid. Cinntigh go bhfuil sconsa curtha thart ar do mhuca ionas nach féidir leo teacht a bheith acu ar bhruscar nó dramhbhia atá curtha de láimh. Bíodh eolas agat ar fhoinse an trealaimh nó innealra a thugtar chuig d'fheirm agus ná bain úsáid as trealamh nó innealra ar dócha go bhfuarthas iad ó thír atá buailte ag ASF.

 

  • Ní mór do shealgairí agus daoine eile ar dócha gur tháinig siad i dteagmháil le muca i dtíortha atá buailte ag ASF a bheith ar an eolas gur féidir an víreas ASF a iompar ar éadaí agus ar bhróga, dá bharr sin, má bhí tú ar thuras sealgaireachta, ar fheirm nó i dteagmháil ar bhealach ar bith eile le muca i dtíortha atá buailte ag ASF, cinntigh go ndéanfaidh tú aon éadaí nó bhróga ar bhain tú úsáid astu sa tír sin a ghlanadh agus a dhíghalrú agus ná tabhair iad chuig aon áitreabh ina bhfuil muca fiú i ndiaidh iad a ghlanadh.

 ASF Min Creed 1

CRÍOCH

                               

Date Released: 15 December 2019