There were 1,703 press releases posted in the last 24 hours and 426,298 in the last 365 days.

Creed ag ullmhú do phriomhchruinniú de Chomhairle Iascaigh an AE a bhfuil dhá dhúshlán le sárú aici - inbhuanaitheacht stoic éisc a fheabhsú agus ag an am céanna inmharthanacht an tionscail iascaigh a chothabháil.

Roimh idirbheartaíochtaí bliantúla iascaigh an AE a bheidh ar siúl sa mBruiséil an 16 agus 17 Nollaig, chaith an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed súil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh d’fhonn inmharthanacht an iascaigh sa bhfadtéarma a chinntiú.

 

Dúirt an tAire Creed “Leagtar amach sa CFP cuspóir maidir le Gabhálacha Iomlána Incheadaithe (TACanna) agus cuótaí d’fhonn iascaigh inbhuanaithe a sholáthar.   Is ionann sin is TACanna agus cuótaí a leagan amach ag leibhéil a chinnteoidh inbhuanaitheacht sa bhfadtéarma nó ar a dtugtar Uastáirgeacht Inbhuanaithe a bhaint amach (MSY). Táimid tiomanta ag leibhéal an AE chun an leibhéal bainistíochta inbhuaitheachta sin a chur ar i bhfeidhm maidir le gach stoc faoin mbliain 2020.  Táimid anois tiomanta na cinntí is gá a ghlacadh lena n-áirítear laghduithe a chur i bhfeidhm nuair is gá chun stoic éisc a athneartú arís. Rachaidh na cinntí stuama a dhéanfar anois chun leasa na stoc seo - agus an tionscail iascaigh atá ag brath orthu.

 

Dúirt an tAire freisin “Cé go bhfuil dúshláin mhóra le sárú amach anseo, ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil dul chun cinn mór déanta go dtí seo freisin.  Maidir leis an 74 stoc a bhaineann le hÉirinn, tá 35 díobh anois á n-iascach de réir MSY.  Tá an figiúr sin ag feabhsú bliain i ndiaidh bliana ó 2013.”

 

Áirítear i dtogra an Choimisiúin méadú ar líon na stoc tábhachtach lena n-áirítear Ronnach (méadú 41%), Cadóg (méadú 30%), Bráthair (méadú 7%) agus Scoilteán (méadú 3%) sa Mhuir Cheilteach.

 

Maidir leis na ciorruithe atá beartaithe ar Throsc agus ar Fhaoitín sa Mhuir Cheilteach dúirt an tAire “Tuigimid go maith an imní atá ann faoi staid na stoc seo.   Tacaímid leis na beartais bhreise seo chun roghnaíocht a fheabhsú agus an líon cadóige agus faoitín a mharaítear in iascach measctha a laghdú d’fhonn na stoic seo a athneartú arís.  An sprioc a bheidh agam ag na hidirbheartaíochtaí seo ná leanúint ag obair go dearfach leis an gCoimisiún agus le Ballstáit eile chun teacht ar réitigh chuimsitheacha a thabharfaidh cosaint do stoic leochaileacha agus lenar féidir leanúint d’iascach inbhuanaithe a dhéanamh ar stoic eile.

 

Dúirt an tAire freisin “Cuireadh i bhfeidhm go hiomlán i mbliana an oibleagáid ó thaobh gabháil a thabhairt i dtír nó an ‘cosc ar iasc a chaitheamh uathu’ agus leis sin cuireadh deireadh le dumpáil a bheith á dhéanamh ar iasc nach raibh aon ní mícheart leis. Ní gan deacrachtaí a bhí sé an oibleagáid ó thaobh gabháil a thabhairt i dtír a chur i bhfeidhm ach leanfaimid ag obair leis an tionscal agus le saineolaithe i BIM agus le Foras na Mara chun é a chur ag obair.”

 

Mar chuid den phróiseas comhchomhairleoireachta oscailte ar thogra an Choimisiúin, chas an tAire an 25 Samhain le hionadaithe ón tionscal iascaigh agus ó NGOnna comhshaoil.  Is é cuspóir an chruinnithe seo deis eile thabhairt do na príomhpháirtithe leasmhara a dtuairimí ar ghnéithe éagsúla den togra seo a leagan amach. Casfaidh an tAire leis na Páirtithe Leasmhara arís tráthnóna Dé Domhnaigh sa mBruiséil roimh chruinniú na Comhairle.

 

Dúirt an tAire Creed chomh maith “Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghlacadh leis na páirtithe leasmhara ar fad as an méid atá á dhéanamh acu chun inmharthanacht fhadtéarmach an iascaigh in Éirinn agus ar fud an AE a chinntiú.  Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt go háirithe do na fir agus mná atá ag obair sa tionscal iascaigh atá ar an líne thosaigh i dtaobh na n-athruithe seo. Gan an obair chrua a dhéanann siadsan, ní fhéadfaí an dul chun cinn seo a dhéanamh.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 14 December 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.