Deimhnithe ag an Aire Creed go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin gClár um Shonraí & Géanómaíochta Mairteola 2019
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí maidir leis na Cláir um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola do 2019.
Dúirt an tAire; “Tá mé sásta go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí don chúigiú bliain den Chlár nuálach seo trína laghdófar astaíochtaí gáis cheaptha teasa na hÉireann agus trína dtabharfar isteach teicneolaíocht ghéiniteach sa tréad náisiúnta chun feabhas a chur ar bhrabúsacht feirmeacha. Tá íocaíochtaí ar fiú breis agus €17.5 milliún iad eisithe cheana féin agus leanfar de na híocaíochtaí sin eisiúint sna laethanta amach romhainn chuig feirmeoirí rannpháirteacha a bhfuil sé deimhnithe acu go bhfuil siad ag comhlíonadh riachtanais 2019.
Leanfar d'íocaíochtaí BDGP a eisiúint ar bhonn leanúnach de réir mar a dheimhneoidh feirmeoirí go bhfuil siad ag comhlíonadh riachtanais scéim 2019. Mhol an tAire d'fheirmeoirí rannpháirteacha “na suirbhéanna agus na samplaí géinitíopála a sheoladh ar ais agus/nó an nuashonrú ar an treoraí carbóin a chur i gcrích chomh luath agus is féidir chun íocaíocht a éascú”.
Dúirt an tAire freisin “Eisíodh íocaíochtaí faoi BDGP II an tseachtain seo caite i ndiaidh íocaíochtaí faoin Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) a eisíodh roimhe sin. Dúirt an tAire “tá íocaíochtaí á n-eisiúint ag mo Roinn le roinnt míonna anuas chuig feirmeoirí ar fud réimse scéimeanna, lena n-áirítear BPS, ANC, an Scéim Aistrithe Eolais, GLAS agus Scéim Leasa na gCaorach. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis na scéimeanna seo don phobal feirmeoireachta agus cuireann siad cuidiú mór airgid ar fáil d'fheirmeoirí aonair agus don gheilleagar tuaithe i gcoitinne.
Ó mhí Mheán Fómhair i leith, tá suim iomlán €1.62 billiún íoctha amach faoi réimse scéimeanna atá á reáchtáil ag mo Roinnse.”
CRÍOCH
Date Released: 11 December 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
