There were 1,772 press releases posted in the last 24 hours and 426,648 in the last 365 days.

Ceapacháin chuig Comhairle Tréidliachta na hÉireann

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go bhfuil cúigear ball ceaptha chuig Comhairle Tréidliachta na hÉireann. 

Is iad seo a leanas na daoine a ceapadh: 

Séamus McManus                              

Patrick Gerard Cusack                        

Arthur O’Connor                                

Ian Fleming

Muiris Ó Céidigh

Dúirt an tAire agus é ag cur fáilte roimh na baill nuacheaptha, “Bítear ag brath ar an meascán ceart daoine agus scileanna a bhaint amach chun bord éifeachtach a chur i gcrích.  Rachaidh an réimse leathan scileanna agus taithí atá ag na daoine nua-cheaptha chun tairbhe na Comhairle Tréidliachta trí phlé mór a dhéanamh d'fhonn cinnteoireacht láidir a bhaint amach.  Guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí oifige.”

Nótaí d'Eagarthóirí

Toghadh ceathrar as an gcúigear ball atá ceaptha de réir Alt 18 den Acht um Chleachtadh Tréidliachta, 2005 agus den Acht um Chleachtadh Tréidliachta (Leasú), 2012. Tugadh toghcháin chun críche maidir le tréidlianna cláraithe a cheapadh i mí Dheireadh Fómhair 2019. Cuirfear tús le téarma ballraíochta na dtréidlianna tofa an 1 Eanáir 2020 agus beidh deireadh leis an téarma an 31 Nollaig 2023.

Roghnaíodh duine den chúigear ball a ceapadh (Muiris Ó Céidigh) faoi na socruithe ina bhfuil córas fógraíochta agus measúnaithe na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS) i gceist leis de bharr gur éirí duine as an mBord. Cuirfear tús láithreach lena dtéarmaí oifige, a leanfaidh go dtí an 31 Nollaig 2021. Cuireann PAS, a bunaíodh faoi reacht in 2004, seirbhís chomhroinnte neamhspleách ar fáil d'eagraíochtaí maidir le hearcaíocht, measúnú agus roghnú ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí. Chinn an Rialtas an 30 Meán Fómhair 2014 gur chóir freagracht a chur ar PAS freisin maidir le córas oscailte, inrochtana, dian agus trédhearcach a chur i bhfeidhm chun tacú le hAirí ceapacháin a dhéanamh chuig Boird Stáit. 

 

CRÍOCH

Date Released: 11 December 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.