There were 1,077 press releases posted in the last 24 hours and 399,692 in the last 365 days.

Íocaíocht 2019 de na réamhíocaíochtaí faoin Scéim Feirmeoireachta Orgánaí fógartha ag Doyle

Tá sé fógartha ag an Uasal Andrew Doyle T.D. an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Ábhar  Orgánach sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí d'fheirmeoirí atá páirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí. Tá íocaíochtaí ar fiú tuairim is €6.1 milliún iad déanta cheana féin le beagnach 1,300 feirmeoir, agus cuireadh tús leis na híocaíochtaí sin ag deireadh mhí na Samhna. Leanfar d'íocaíochtaí a dhéanamh le feirmeoirí idir seo agus deireadh na bliana.  

 

Dúirt an tAire "Tá áthas orm a fhógairt gur cuireadh tús leis na réamhíocaíochtaí seo níos luaithe ná mar a bhí socraithe agus go deimhin níos luaithe ná mar a bhí anuraidh. Tá an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí ar cheann de na scéimeanna is mó ráchairte atá againn faoinár bPlean Forbartha Tuaithe reatha agus tá na spriocanna a bhí leagtha amach faoin bplean, agus tuilleadh leis, bainte amach againn i dtéarmaí talamh athchóirithe agus an talamh sin a choinneáil le haghaidh ábhar orgánach.”

 

Ciallaíonn na híocaíochtaí a rinneadh le feirmeoirí faoin scéim seo go bhfuil €1.55 Billiún in íocaíochtaí díreacha íoctha ag an DAFM le feirmeoirí ó Mheán Fómhair seo caite.

 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire "tá an scéim feirmeoireachta orgánaí is mó a facthas riamh anseo in Éirinn curtha ar fáil ag mo Roinnse faoin RDP seo agus cuireadh deis ar fáil le go mbeadh lucht iarrtha nua ar an scéim ábalta iarratas a dhéanamh uirthi anuraidh. Tá ríméad orm go bhfuil ár gcuid tiomantas i leith na n-íocaíochtaí á mbaint amach againn do rannpháirtithe na scéime agus bheimis ag moladh do na páirtithe leasmhara ar fad leanúint de bheith rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin ar CAP d'fhonn eolas a dhéanamh don leagan amach a bheidh ar an gcéad scéim Orgánaice eile.

 

 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Is scéim agra-chomhshaoil í an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS) atá leagtha amach chun buntáistí feabhsaithe maidir leis an timpeallacht agus leas ainmhithe a chur ar fáil agus cúiteamh a chur ar fáil d'fheirmeoirí a shaothraíonn a ngabháltas i gcomhréir le caighdeáin feirmeoireachta orgánaí ar feadh tréimhse cúig bliana. Is é an príomhchuspóir na buntáistí timpeallachta agus leas ainmhithe a chur ar fáil chomh maith le táirgeoirí a spreagadh le freagra a thabhairt ar éileamh an mhargaidh i ndáil le bia a tháirgtear go horgánach.
  • Is scéim thábhachtach í an OFS faoi Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann.   Tá 1530 feirmeoir rannpháirteach sa Scéim faoi láthair agus tuairim is 72,000 heicteár anois ann i ndáil le táirgeadh orgánach, sin ardú beagnach 50% ar an méid a bhí i gceist nuair a cuireadh tús leis an gClár in 2014.
  • Tá an réamhíocaíocht atá díreach eisithe déanta suas de 85% den íocaíocht iomlán atá dlite; agus íocfar an 15% eile sa bhliain 2020 i gcomhréir le Rialacha AE.
  • Cuireadh tús le réamhíocaíochtaí na bliana 2018 an 7 Nollaig.

 

 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 09 December 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.