There were 1,815 press releases posted in the last 24 hours and 399,368 in the last 365 days.

Athbhreithniú seachtrach ar an bpróiseas ceadaithe ceadúnas foraoiseachta foilsithe ag Doyle

Tá an tAthbhreithniú ar Phróisis Ceadaithe d'Fhoraoisiú in Éirinn faighte ag an Aire Stáit Andrew Doyle T.D. Is é an tUasal James Mackinnon, CBE, Iarphleanálaí Sinsearach le Rialtas na hAlban a chuir an t-athbhreithniú i gcrích agus is é an tAire Doyle a rinne é a choimisiúnú i ndiaidh athbhreithnithe den chineál céanna a rinne an tUas. Mackinnon in Albain.

 

Dúirt an tAire “Tá roinnt spriocanna uaillmhianacha leagtha amach ag an Rialtas don earnáil foraoiseachta go háirithe sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide agus choimisiúnaigh mé an t-athbhreithniú seo lena chinntiú go bhfuilimid oiriúnach don fheidhm maidir leis na spriocanna sin a bhaint amach. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le James as an tuarascáil chuimsitheach a rinne sé agus as é a chur ar fáil ar bhealach chomh tráthúil. Tá a fhios agam gur chas sé le líon mór páirtithe leasmhara, leis an gColún Comhshaoil, foireann na Roinne agus grúpaí leasmhara eile le linn na tréimhse a chaith sé in Éirinn.   Táim buíoch dóibh as an am agus an t-ionchur fiúntach a chuir siad ar fáil a chuirfidh le tábhacht agus ábharthacht na dtorthaí seo gan amhras.”

 

Coimisiúnaíodh an tUasal Mackinnon chun scrúdú a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le tograí foraoisithe a cheadú agus ar na saincheisteanna nasctha eile a bhaineann le hoibríochtaí foraoiseachta. Leagadh de chúram air moltaí a dhéanamh maidir le saincheisteanna a aithníodh trína gcuirfí feabhas leis an bpróiseas, ag glacadh an taithí atá aige i gcóras foraoiseachta na hAlban san áireamh.

 

Dúirt an tAire Doyle freisin “Mholfainn do gach páirtí leasmhar an t-am a ghlacadh chun staidéar cúramach a dhéanamh ar an tuarascáil seo agus déanfaidh mé féin agus an Roinn amhlaidh freisin. Tá roinnt moltaí tábhachtacha ann nach mór dúinn ar fad smaoineamh orthu. Tosaíocht faoi láthair is ea an Plean a chur i bhfeidhm. Tá sé i gceist agam plean feidhmithe a fhoilsiú go luath i mí Eanáir seo chugainn i ndiaidh cainteanna le páirtithe leasmhara sa Ghrúpa Forfheidhmithe i leith an Chláir Foraoiseachta”.

 

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá an Tuarascáil foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne ag:  

https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/publications/2019/ReviewApprovalProcessesforAfforestationIrelandMackinnonNovember2019291119.pdf

 

Téarmaí Tagartha don Athbhreithniú ar an bPróiseas Ceadaithe d'Fhoraoisiú in Éirinn

 

Cúlra

Is ionann clúdach foraoise in Éirinn anois agus 11% le hais an fhigiúir ísil 1% a bhí ann ag tús an chéid seo caite. Tá dlús suntasach tagtha faoin ráta foraoisithe le 30 bliain anuas. Faoin gClár Foraoiseachta 2014 -2020 reatha, is ionann na meánrátaí foraoisithe agus 5,500 heicteár in aghaidh na bliana. Tá sé sin faoin sprioc atá leagtha amach.   Leag an Rialtas sprioc plandála bhliantúil 8,000 heicteár amach le gairid ina Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2019.

Sa chomhthéacs seo, is mithid tabhairt faoi athbhreithniú ar an bpróiseas ceadaithe d'fhoraoisiú, lena chinntiú go mbeidh sé chomh héifeachtúil agus éifeachtach agus is féidir agus go mbainfear amach na riachtanais atá ag na páirtithe leasmhara ar fad. Beidh taithí na hAlban ina eolas úsáideach don athbhreithniú, áit a ndearnadh anailís ar an bpróiseas ceadaithe agus inar éirigh leo 10,000 heicteár a phlandáil in aghaidh na bliana. Chomh maith leis sin breithneofar an próiseas ceadaithe d'oibríochtaí a bhaineann le foraoiseacht san athbhreithniú.

Is iad aidhmeanna an athbhreithnithe:

  1. Iniúchadh a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le tograí foraoisithe a cheadú agus ar na saincheisteanna eile a bhaineann le hoibríochtaí foraoiseachta i.e. oibreacha bóithre foraoise agus crainn a leagan.
  2. Moltaí a dhéanamh chun dul i ngleic le ceann ar bith de na saincheisteanna a aithníodh agus chun feabhas a chur ar an bpróiseas.

Chomh maith leis sin, ba chóir nithe atá foghlamtha ón anailís a rinneadh ar an bpróiseas ceadaithe in Albain a thabhairt san áireamh, agus tagairt a dhéanamh do réimsí ina bhfuil cosúlachtaí nó difríochtaí idir an dá chóras nuair is ábhartha (mar shampla, meánmhéid na plandála, an struchtúr úinéireachta).

Déanfar eolas don athbhreithniú trí chainteanna leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus le gach páirtí leasmhar eile a bhaineann le hábhar lena n-áirítear an earnáil foraoiseachta, eagraíochtaí feirmeoireachta, comhlachtaí Stáit eile agus an Colún Comhshaoil.

 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 29 November 2019