Coiste Páirtithe Leasmhara chun Stráitéas Agraibhia na hÉireann a fhorbairt go dtí 2030 á fhógairt ag Creed agus osclaíonn sé a gcéad chruinniú
D'oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D., an chéad chruinniú den Choiste Páirtithe Leasmhara atá chun straitéis Agraibhia na hÉireann a fhorbairt go dtí 2030 agus d'fhógair sé comhdhéanamh an Choiste.
Dúirt an tAire Creed "Ó bunaíodh iad 20 bliain ó shin, go dtí an plean Food Wise 2025 atá ann anois, cinntíodh leis an sraith leanúnach de straitéisí deich mbliana go bhfuil fís stuama, faoi stiúir pháirtithe leasmhara againn chun bonn a chur faoi fhorbairt na hearnála. Léirítear chomh maith agus atá ag éirí leis na straitéisí seo leis an méadú 73% atá tagtha ar onnmhairí agraibhia ó 2009. Cé go bhfuil go leor dúshlán roimh an earnáil tá go leor deiseanna ann chomh maith. Táim cinnte go mbeidh inbhuanaitheacht timpeallachta lena n-áirítear aeráid, bithéagsúlacht agus uisce, ar cheann de na príomhcheisteanna a bheidh á mheas ag an gCoiste. Chomh maith leis sin beidh ár dtionchar ar fud an domhain a leathnú; nuálaíocht; agus iomaíochas ina dtosaíochtaí don tionscal. Tá príomhtháirgeoirí riachtanacha do ghnéithe geilleagracha agus sóisialta na hÉireann; tá sé fós ríthábhachtach go mbeadh siad in ann bia a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe agus inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta é.
Maidir le comhdhéanamh an Choiste, dúirt an tAire Creed, "Is iomaí gné a bhaineann leis an earnáil agraibhia mar sin nuair a bhí mé ag ceapadh na mball, bhí mé ar an eolas go raibh gá ann ionadaíocht mhaith as na réimsí éagsúla san earnáil a chinntiú agus tá ríméad orm gur ghlac an oiread daoine mór le rá le mo chuireadh páirt a ghlacadh sa gCoiste seo.
Duirt Chathaoirleach an Choiste, an tUasal Tom Arnold, "Ó tharla go bhfuil ról fíorthábhachtach ag an earnáil agraibhia in eacnamaíocht na hÉireann, i sochaí na tíre agus b'fhéidir níos tábhachtaí fós, i mbia, sábháilte, cothaitheach agus inbhuanaithe a sholáthar, is mór an onóir dom glacadh le cuireadh an Aire Creed a bheith i mo Chathaoirleach ar an gCoiste seo, agus treo straitéiseach an choiste sna deich mbliana amach romhainn a ullmhú mar chúram orm. Cuirfidh forbairt na Straitéise Agraibhia go dtí 2030 deis ar fáil chun láidreachtaí agus laigí na hearnála a mheas, na bagairtí agus na dúshláin atá roimpi, agus chun cosáin forbairt chuí a shonrú. Táim ag súil le dul i mbun oibre leis an gCoiste ar bhonn chomhoibriú tairbheach.
Nóta d'Eagarthóirí
Is mar seo a leanas atá comhdhéanamh an Choiste Páirtithe Leasmhara:
Tom Arnold |
Cathaoirleach |
Sharon Buckley |
Stiúrthóir Tráchtála Grúpa, Musgraves |
Laura Burke |
Príomhstiúrthóir, EPA |
Ailish Byrne |
Ceann ar Thalmhaíochta, Banc Uladh |
Kieran Calnan |
Cathaoirleach, Bord Iascaigh Mhara |
Philip Carroll |
Cathaoirleach, Tionscal Feola Éireann |
Frank Convery |
Páirtí Sinsearach, EnvEcon |
Thomas Duffy |
Uachtarán, Macra na Feirme |
Brendan Dunford |
Bainisteoir, Clár Bhoirne |
Julie Ennis |
Úachtarán Tíre, Sodexo Ireland |
Paul Finnerty |
Comhbhunaitheoir & Cathaoirleach, Yield Lab Europe |
Joe Healy |
Uachtarán, IFA |
Thia Hennessy |
Déan & Cathaoirleach Eacnamaíocht Thalamhíocht, UCC |
Liam Herlihy |
Cathaoirleach, Teagasc |
Caroline Keeling |
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Keelings |
Jerry Long |
Uachtarán, ICOS |
Oliver Loomes |
Cathaoirleach, IBEC Drinks Ireland agus Stiúrthóir Éireann & Cathaoirleach, Diageo |
Dan McSweeney |
Cathaoirleach, Bord Bia |
Pat McCormack |
Uachtarán, ICMSA |
Tom Moran |
Iar-Ard-Rúnaí, DAFM |
Brian Murphy |
Cathaoirleach, IBEC Forest Industries Ireland agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Balcas |
Pat Murphy |
Cathaoirleach, Tionscal Déiríochta Éireann agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Kerry Ireland |
Larry Murrin |
Comhairle Bhia Ullmhaithe do Thomhaltóirí IBEC agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Dawn Farm Foods |
Colm O'Donnell |
Uachtarán, INHFA |
Sean O'Donoghue |
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Eagraíocht Iascairí na gCealla Beaga |
Dolores O'Riordan |
Stiúrthóir, Institiúid Bia agus Sláinte UCD |
Terence O'Rourke |
Cathaoirleach, Fiontar Éireann |
Edmond Phelan |
Uachtarán, ICSA |
Alice Stanton |
Ollamh, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn |
Siobhán Talbot |
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Glanbia |
Deimhneofar ainmeacha beirt bhall eile a bhíonn ag déanamh ionadaíochta ar dhearcadh timpeallachta agus sábháilteacht bia chomh luath agus is féidir.
Is iad seo na baill nach raibh i ngrianghraif an lae inniu;
Joe Healy
Liam Herlihy
Oliver Loomes
Dan McSweeney
Pat Murphy
Brian Murphy
Sean O’Donoghue
Terence O’Rourke
CRÍOCH
Date Released: 28 November 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
