There were 1,291 press releases posted in the last 24 hours and 401,970 in the last 365 days.

Leabhar Bliantúil na Stoc 2019 de chuid Fhoras na Mara faighte ag an Aire Creed

Tá Leabhar Bliantúil Stoc Fhoras na Mara 2019 faighte ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu (Déardaoin an 21 Samhain 2019).  Tá Leabhar na Stoc ar cheann de phríomhfhoilseacháin bhliantúla an Fhorais ina gcuirtear comhairle eolaíoch ar fáil maidir le stoic éisc a ndéantar saothrú tráchtála orthu a bhaineann le leasa na hÉireann.

Dúirt an tAire Creed, “Is cuid ríthábhachtach de gheilleagar aigéin na hÉireann é tionscal na hiascaireachta. Tá an fhaisnéis a chuireann Foras na Mara ar fáil i Leabhar na Stoc ríthábhachtach i ndáil le hullmhú a dhéanamh d'idirbheartaíochtaí na Comhairle Iascaigh a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 16 agus an 17 Nollaig i mbliana. Cinntítear sa treoirleabhar, go bhfuil an chomhairle is déanaí ó thaobh eolaíochta de réir stoic againn ar an acmhainn inathnuaite seo."

Tá Leabhar na Stoc ina chuid thábhachtach den mheasúnú tionchair inbhuanaitheachta a chuirtear faoi bhráid na Dála gach bliain sula gcuirtear tús le hidirbheartaíochtaí iascaigh an AE.   Tugadh comhairle i leith 74 stoc i mbliana.  Léiríonn na torthaí feabhas leanúnach i líon na stoc a ndéantar iascaireacht orthu ar bhealach inbhuanaithe.  

Feidhmíonn Leabhar na Stoc, atá á fhoilsiú ag Foras na Mara (MI) ó 1993 i leith, mar threoirleabhar luachmhar do réimsí éagsúla, lena n-airítear tionscal na hiascaireachta, bainisteoirí, eolaithe mara, NGOnna comhshaoil, institiúidí tríú leibhéal agus institiúidí airgeadais.

Is gné lárnach de Phlean Straitéiseach MI 2018-2022 an chomhairle agus an tseirbhís eolaíochta a chuireann eolaithe ar fáil don Roinn. “Tá na seirbhísí eolaíochta seo bunriachtanach chun tacú lenár ngeilleagar aigéin inbhuanaithe, chun éiceachórais mhuirí a chosaint agus a bhainistiú agus chun ár n-oibleagáidí AE a chomhlíonadh” a dúirt an Dr. Paul Connolly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Mara. Glacann eolaithe Fhoras na Mara páirt in go leor grúpaí oibre idirnáisiúnta agus bíonn siad i gceannas orthu ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES).  Déanann ICES measúnú ar stoic éisc agus cuireann sé comhairle eolaíoch ar fáil maidir leis an líon iasc is féidir iascaireacht a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.  “Eagraíocht fhíorthábhachtach d'Fhoras na Mara is ea ICES ina roinneann eolaithe ó go leor tíortha sonraí agus ina n-oibríonn siad le chéile chun an chomhairle eolaíochta neamhchlaonta a theastaíonn ó bhainisteoirí iascaigh a chur ar fáil.  Cuirtear an chomhairle seo i láthair i Leabhar na Stoc agus tá sé bunriachtanach maidir le pobail cois cósta a chothú” a dúirt an Dr. Connolly. 

Chomh maith leis sin, tá Leabhar na Stoc ar fáil i bhfoirm leictreonach mar PDF ar láithreán gréasáin Fhoras na Mara(https://oar.marine.ie/handle/10793/1433) agus i mbliana, mar aip idirghníomhach (https://shiny.marine.ie/stockbook/). Is faoin scéim An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh a dhéantar an-chuid den obair eolaíochta chun Leabhar na Stoc a chur ar fáil.

Nótaí d'eagarthóirí

Maidir le Foras na Mara:

Is é Foras na Mara an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht muirí in Éirinn. Cuireann Foras na Mara suirbhéanna  agus cláir mhonatóireachta comhshaoil, iascaigh agus dobharshaothraithe i gcrích chun ceanglais dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann a chomhlíonadh. Cuireann an Foras comhairle eolaíoch agus theicniúil ar fáil don Rialtas freisin chun cuidiú le beartas a threorú agus chun tacú le hacmhainn muirí na hÉireann a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm ag Foras na Mara oidhreacht muirí ar leith na hÉireann a chosaint trí thaighde agus monatóireacht a dhéanamh ar an gcomhshaol. Trína chuid taighde, clár maoinithe straitéiseach agus ardán náisiúnta taighde muirí tacaítear le geilleagair muirí na hÉireann a fhorbairt.

 

Maidir le ICES:

Is eagraíocht idir-rialtasach é ICES arb é is príomhchuspóir leis an t-eolas eolaíochta ar chomhshaol na mara agus ar na hacmhainní beo atá ann a mhéadú, agus chun úsáid a bhaint as an eolas sin chun comhairle neamhchlaonta, neamhpholaitiúil a chur ar fáil d'údaráis inniúla. Tugtar san áireamh san eolaíocht agus sa chomhairle a chuireann ICES ar fáil an chaoi a gcuireann gníomhaíochtaí an duine isteach ar éiceachórais mhara chomh maith leis an gcaoi a gcuireann éiceachórais isteach ar ghníomhaíochtaí an duine. Sa dóigh sin, cinntíonn ICES go mbeidh cinnteoirí in ann teacht ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil chun roghanna eolasacha a dhéanamh ar úsáid inbhuanaithe a bhaint as comhshaoil agus éiceachórais muirí.

Chun an cuspóir seo a bhaint amach, tugann ICES tús áite do thaighde, é a eagrú, a chur ar fáil agus a scaipeadh, ar taighde é a bhfuil gá leis chun bearnaí eolais ar an bhfarraige a líonadh a bhaineann le fadhbanna éiceolaíochta, polaitíochta, sochaíocha agus geilleagracha. Cuireann ICES foilseacháin, eolas agus comhairle bainistíochta ar fáil arna iarraidh ag ballstáit agus eagraíochtaí coimisiúin idirnáisiúnta ar nós Coimisiún OSPAR, Coimisiún Heilsincí - Coimisiún Cosanta Comhshaoil Mhuirí Mhuir Bhailt (HELCOM), an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC), Eagraíocht um Chaomhnú Bradán san Atlantach Thuaidh (NASCO), agus an Coimisiún Eorpach (EC). www.ices.dk

Maidir le EMFF: Is é An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (EMFF)an ciste do bhearta muirí agus iascaigh an AE do 2014-2020. Beidh Foras na Mara ag cur trí scéim i bhfeidhm: Bithéagsúlacht MharaFás Gorm & Pleanáil Spásúlachta Mara agus Bailiú Sonraí. Déantar an méid is mó sonraí bitheolaíochta, éiceolaíochta agus socheacnamaíochta a bhailiú agus a úsáid trí na trí scéim a chomhtháthú, rud a chuireann luach leis na cláir samplála agus a dhéanann forbairt ar tháirgí sonraí do riachtanais éagsúla beartais agus úsáideoirí deiridh.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 21 November 2019