There were 1,106 press releases posted in the last 24 hours and 400,848 in the last 365 days.

Uirlis Rianaithe Margaidh Bhord Bia seolta ag an Aire Creed

Tá Uirlis Rianaithe Margaidh Bhord Bia seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD. Ceapadh an uirlis seo mar fhreagairt ar achainíocha a rinneadh le linn na gCainteanna Mairteola a bhí ar siúl i mí Lúnasa/Meán Fómhair i mbliana i ndáil le trédhearcacht níos fearr a bheith sa mhargadh. Thug Bord Bia gealltanas maidir le Samhail d'Innéacs Praghsanna ar an Margadh Mairteola a fhorbairt, bunaithe ar thrí ghné; innéacs praghsanna eallaigh, innéacs praghsanna ar an margadh mairteola  agus táscaire praghsanna scairtí.

 

Tá Uirlis Margaíochta Mairteola Bhord Bia ar fáil ar láithreán gréasáin Bhord Bia ag https://www.bordbia.ie/farmers-growers/farmers/prices-markets/beef-market-tracking, ina gcuimsítear an praghas ilchodach vs tagarmhairc, táscaire scairtí, agus innéacsanna do phraghsanna mórdhíola agus miondíola.

 

Dúirt an tAire Creed go raibh sé sásta go bhfuil a Roinnse agus na gníomhaireachtaí ag leanúint de na gealltanais ar aontaigh siad leo faoin gComhaontú an 15 Meán Fómhair a chur chun cinn maidir leis an earnáil mairteola, agus luaigh sé chomh maith go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas tairisceana do staidéir eile ar tugadh gealltanais ina leith.

 

Dúirt an tAire Creed ‘go bhfuil tionscnaimh ar nós Uirlis Rianaithe Margaidh Bhord Bia bunriachtanach chun eolas a thabhairt do pháirtithe leasmhara mar bhunús dóibh chun cinntí a dhéanamh. Dúirt sé gur thug a Roinnse cluas éisteachta do na héilimh maidir le trédhearcacht níos mó a bheith san earnáil agus go raibh an Roinn ag déanamh gach iarracht cur leis sin.

 

Dúirt Tara McCarthy, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia, “Tá Bord Bia sásta Innéacs ar an Margadh Mairteola a fhoilsiú mar chuid de na gealltanais a thugamar faoin gComhaontú Mairteola an 15 Meán Fómhair. Déanfar an t-eolas a nuashonrú ar bhonn leanúnach agus tá sé leagtha amach chun treochtaí ginearálta i bpraghsanna d'eallaigh mhairteola, praghsanna mórdhíola, praghsanna miondíola agus praghsanna 5ú ceathrú a rianú. Leanfaimid i mbun oibre leis an Tascfhórsa don Mhargadh Mairteola sna míonna amach romhainn chun an réimse eolais atá ar fáil d'fheirmeoirí faoin margadh a fhorbairt tuilleadh.”

 

 

Tá an nuashonrú is déanaí maidir leis an gComhaontú i ndáil leis an Earnáil Mairteola ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beef/beeftaskforce

 

 Bord Bia Market Tracking PR IRISH

 

 

CRÍOCH

 

 

Date Released: 21 November 2019