There were 1,589 press releases posted in the last 24 hours and 400,201 in the last 365 days.

Íocaíocht níos mó ná €4 mhilliún fógartha ag an Aire Stáit Doyle faoi Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE agus aitheantas deimhnithe aige d'eagraíocht táirgeoirí nua torthaí agus glasraí

Dheimhnigh an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D inniu go bhfuil íocaíochtaí bliantúla níos mó ná €4 mhilliún eisithe mar is cuí anois chuig eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí. 

Dúirt an tAire; “Táim sásta a dheimhniú go bhfuil íocaíochtaí níos mó ná €4 mhilliún chuig Eagraíochtaí Táirgeoirí atá ag feidhmiú san earnáil torthaí agus glasraí curtha i gcrích. Trí na híocaíochtaí seo, cuirtear tacaíocht luachmhar ar fáil d'earnáil ina saothraítear aschur €370 milliún ag geata na feirme agus ina n-onnmhairítear breis agus €90 milliún de tháirgí úra gach bliain”.

Cuireann Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE meicníocht thábhachtach ar fáil do shaothróirí chun go mbeidh cumhacht mhargála níos fearr acu sa mhargadh trí bheith mar chuid de bhonn soláthair níos mó. Cuirtear maoiniú ar fáil d'Eagraíochtaí Táirgeoirí trí bhearta a thacaíonn le seasmhacht ioncaim, comhoibriú, an timpeallacht a chosaint agus gníomhú ar son na haeráide. 

 

Dúirt an tAire freisin “Aithním an tábhacht a bhaineann le scéim PO don earnáil gairneoireachta agus táim sásta a fhógairt  go bhfuil aitheantas bronnta ag mo Roinn le gairid ar eagraíocht táirgeoirí gairneoireachta nua, Unigreen PO. Dúirt an tAire chomh maith; “Agus tiúchan éilimh níos mó ná riamh amach romhainn, neartaítear an áit atá ag táirgeoirí sa mhargadh tríd an soláthar a ghrúpáil ar an mbealach seo agus cothaítear dáileadh luacha níos cothroime feadh an tslabhra soláthair”.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire “Tacaím go mór le heagraíochtaí táirgeoirí a fhorbairt, mar gheall ar an neart agus luach is féidir leas a bhaint as trí chomhoibriú níos fearr, is féidir difríocht mhór a dhéanamh chun cuidiú le feabhas a chur le hinbhuanaitheacht an tionscail gairneoireachta.”

 

 

 

CRÍOCH

Date Released: 13 November 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.