There were 1,126 press releases posted in the last 24 hours and 401,001 in the last 365 days.

An dara Cuairt Trádála chun na Síne in 2019 curtha i gcrích ag Creed ag cur leis an Éacht a rinneadh chun go mbeadh Teacht ar an Margadh Mairteola & leis an gComhaontú ar Tháscairí Geografacha idir an tAE agus an tSín Comhaontú Bolscaireachta sínithe …

 

Tá dul chun cinn suntasach déanta le seachtainí beaga anuas ag Rialtas na hÉireann (An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Ambasáid na hÉireann i mBéising & Bord Bia) chun an teacht atá ag onnmhairí bia agus dí na hÉireann ar mhargadh na Síne a leathnú trí 14 mhonarcha bhreise a bheith ceadaithe chun táirgí a chur ar fáil ansin. Tugann sé sin líon iomlán na monarchana in Éirinn atá liostaithe le hÚdarás Ginearálta Custam na Síne go dtí 21. Léiríonn an fógra athrú suntasach ar chumas na hÉireann táirgí a chur ar fáil do mhargadh na Síne. Mar thoradh ar an dul chun cinn seo, bhí an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. i mbun cuairt trádála chun na Síne an tseachtain seo inar ghlac Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia, Tara McCarthy agus oifigigh de chuid DAFM páirt chomh maith. Thug an toscaireacht cuairt ar Shang-hai agus ar Bhéising do shraith cruinnithe ardleibhéil le hionadaithe Rialtais agus trádála, arbh é fógra an lae inniu maidir le bolscaireacht mhiondíola do mhairteoil na hÉireann le JD.com, miondíoltóir ar líne de chuid na Síne, atá ar an dara hardán ar líne is mó sa tSín agus a bhfuil breis is 320m custaiméir aige in aghaidh na bliana agus atá ar an tríú cuideachta Idirlín is mó ar domhan ó thaobh ioncaim de a bhí mar thoradh air.

 

Maidir leis an gcuairt trádála, dúirt an tAire Creed; “Tá an babhta is déanaí de cheaduithe do mhonarchana ar an moladh is mó is féidir a bhaint amach maidir le caighdeáin shábháilteacht bia na hÉireann. Is í an tír seo an chéad tír in Iarthar na hEorpa a bhfuil teacht aici ar mhargadh na Síne agus is léir anois go bhfuil na caighdeáin arda agus éilitheacha atá ag údaráis na Síne á mbaint amach sna monarchana atá againn. Tá sé mar aidhm leis an gcuairt rún agus tiomantas na hÉireann a chur in iúl maidir leis an éileamh a shásamh. Táimid muiníneach go leanfaidh onnmhairí mairteola, arbh fhiú €9m iad in 2018, agus €21 milliún sa chéad ocht mí den bhliain seo, an cúrsa dearfach céanna is a lean onnmhairí do dhéiríocht, muiceoil agus bia mara na hÉireann chun na Síne. Le seachtain anuas tá dul chun cinn suntasach déanta i ndáil le hearnáil alcóil na hÉireann inar cuireadh comhaontú i gcrích sa tSín idir an tAE agus an tSín maidir le Táscairí Geografacha faoi chosaint maidir le hUachtar agus Uisce Beatha na hÉireann - atá an-tábhachtach chun tacú le fás onnmhairithe na dtáirgí Éireannacha ardchaighdeáin seo sa todhchaí”.

 

 

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Bhord Bia, Tara McCarthy; “Trí thaighde Bhord Bia, in éineacht le straitéis faoi stiúir an Aire agus a Roinnse chun teacht a bheith ar an margadh, ciallaíonn sé go bhfuil Bord Bia agus a chomhpháirtithe sa tionscadal réidh chun dul isteach sa mhargadh go sciobtha mar gheall ar theacht níos mó a bheith ann. Mar ullmhúchán don fhorbairt seo, dhíríomar inár staidéir margaidh ar an méid atá tábhachtach do thomhaltóir sa tSín, rud a chuidigh linn chun ár gcur chuige a chur in oiriúint, tuiscint a fháil ar an mbealach chun an mhargaidh agus forbairt a dhéanamh ar ár bpointí cruthúnais chun spriocanna a bhaint amach ar bhonn trádála. Tá a fhios againn go bhfuil sábháilteacht bia agus foinsí bia ina ngnéithe barrthábhachtacha sa tSín maidir le tomhaltas a spreagadh, agus cuireann Scéimeanna Cáilíochta agus Inmharthanachta Bhord Bia na caighdeáin atá ceadaithe ag an rialtas ar fáil atá de dhíth sa mhargadh seo chun muinín a spreagadh. In éineacht lenár ngníomhaíochtaí bolscaireachta branda, díreofar é seo ar aitheantas a fhorbairt do Mhairteoil na hÉireann de Cháilíocht Dhearbhaithe. Trí na ceaduithe seo, cuirtear ar ár gcumas dlús a chur le hiarrachtaí forbartha gnó agus caidrimh bhreise a bhunú le custaiméirí na Síne trí na cainéil seirbhíse bia agus ríomhthráchtála ar fud réigiúin tosaíochta. Léiríonn ár dtaighde dúinn gurb amhlaidh gur de réir mar a mhéadaíonn muinín le himeacht ama, méadaíonn na deiseanna freisin chun gearrthacha nua agus táirgí nua a sholáthar. Sa mhargadh seo ina bhfuil fás leanúnach ag teacht ar éileamh – táimid muiníneach go mbeidh an tSín ina ceann scríbe mór do mhairteoil na hÉireann amach anseo, trína bhféadfaí méideanna 25-30,000 tonna a ghiniúint”.

 

Áiríodh ar sceideal thoscaireacht na hÉireann don chuairt dhá lá chun na Síne a bheith i láthair ag seó trádála seirbhíse Bia FHC i Shang-hai agus cruinnithe trádála ardleibhéil a raibh sé mar aidhm leo cuidiú le tuiscint níos fearr a chur ar chustaiméir trádála na Síne, agus cruinnithe forbartha gnó in éineacht le roinnt de na próiseálaithe, allmhairithe, miondíoltóirí agus ardáin trádála ar líne is mó chun cinn sa tSín; Grand Farm, Metro China, Hopewise agus JD.com.

 

Bhí cruinniú déthaobhach ag an Aire Creed in éineacht leis an Leas-Aire Hu ar Riar Ginearálta Custam na Síne (GACC) agus pléadh fadhbanna maidir le teacht a bheith ar mhargaí, agus pléadh ach go háirithe iarratas na hÉireann ar theacht a bheith aici ar mhargadh caoireola na Síne.

 

D'fhógair Bord Bia go mbeidh sraith de thionscnaimh margaíochta ann amach anseo a bheidh dírithe ar fheasacht ar mhairteoil na hÉireann i measc chefanna agus tomhaltóirí a ardú, agus é mar aidhm leo an teacht atá ag tionscal mairteola na hÉireann agus ag táirgí bia eile a leathnú agus a neartú. Shínigh an tUasal Wang Zhiqiang, Bainisteoir Ginearálta ar Fheoil agus ar Bhia Reoite JD.com, MOU ag Ambasáid na hÉireann i mBéising in éineacht le Bord Bia do chur chun cinn 'Double 12'.

 

Dúirt an tUasal Wang, "Tá ríméad orainn go bhfuil muide roghnaithe ag Éirinn lena gcéad phromóisean ag leibhéal tíre ar bhia na hÉireann a sheoladh. Cuirtear deis den scoth ar fáil faoi fheachtas chur chun cinn Double 12 JD tacú go hiomlán le mairteoil na hÉireann agus le táirgí bia eile, ag cur tuilleadh leis an réimse de bhia ardchaighdeáin a chuirtear ar fáil do chustaiméirí na Síne.

 

Nuair a bhí comhpháirtíocht JD.com á seoladh, dúirt Tara McCarthy, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia; "Is ionann an comhoibriú le JD.com agus tús a bheith á chur le céim nua agus iontach eile inár gcaidreamh trádála leis an tSín, agus mairteoil na hÉireann anois leagtha i lár an aonaigh do thomhaltóirí na Síne. "Seolfaidh Bord Bia sraith de ghníomhaíochtaí margaíochta B2B agus B2C sna míonna amach romhainn agus amach sa bhliain 2020 a bheidh dírithe ar fheoil, ar dhéiríocht agus ar bhia mara a chuirfidh tuilleadh leis an aithne atá ar 'bhradaí bia na hÉireann' ar mhargadh na Síne".

 

Cúlra ar Onnmhairiú chun na Síne

 

Cuireadh luach €782m (CNY6.02bn) ar onnmhairí bia na hÉireann chun na Síne in 2018 agus tháinig fás 6% ar an líon onnmhairí i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Is í an tSín an cúigiú margadh is mó ó thaobh onnmhairí bia atá ag Éirinn anois, taobh thiar den Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe, an Ísiltír agus an Fhrainc agus is ionann í agus breis is 6% d'onnmhairí bia na hÉireann ar fud an domhain. Bhí fás mór ar onnmhairí Bia agus Dí na hÉireann chuig Mórcheantar na Síne sna chéad ocht mí den bhliain 2019 - ardú 17% chun €595m a bhaint amach - an toradh is mó riamh ar chúrsaí trádála leis an tSín. Bhí fás fabhrach ar na príomhréimsí sprice - déiríocht, feoil agus bia mara. Is margadh thar a bheith tábhachtach é seo do lucht táirgthe agus próiseála na hÉireann sna réimsí seo de bharr an rogha ar leith agus an réimse leathan dúile atá ag muintir na Síne. Is í an tSín an dara margadh is mó le haghaidh muiceola agus déiríochta atá ag Éirinn, taobh thiar den Ríocht Aontaithe. Tá fás mór ar onnmhairí bia mara, sliogiasc den chuid is mó, chun na Síne le blianta beaga anuas chomh maith.

 

 

Tá sé á mheas ag Bord Bia go bhféadfadh margadh na Síne idir 25,000 agus 30,000 tonna de mhairteoil na hÉireann, a bhfuil luach suas le €120 milliún luaite léi do thionscal mairteola na hÉireann, a allmhairiú. Is ionann an tSín agus margadh luachmhar fadtéarmach mar gheall ar an éileamh leanúnach níos mó atá ar mhairteoil. Tá méadú faoi dhó tagtha ar an líon mairteola a onnmhairíodh le dhá bhliain anuas agus táthar a thuar sa bhfadtéarma go mbeidh éileamh ar thuairim is 2.2 milliún tonna faoin mbliain 2025, i gcomparáid le 700,000 tonna sa mbliain 2017. Má fhanann an t-éileamh sin ag na leibhéil a bhfuiltear ag súil leo, agus teacht i gcónaí ag tionscal na hÉireann ar an margadh, d'fhéadfadh an tSín a bheith ar an 5ú-6ú margadh is mó do mhairteoil na hÉireann agus a bheith mar a chéile le margaí ar nós margadh na Gearmáine ó thaobh an méid mairteola a chuirtear ar fáil.

 

 

 

CRÍOCH

                       

Date Released: 13 November 2019