There were 1,759 press releases posted in the last 24 hours and 399,736 in the last 365 days.

Tacaíocht Leanúnach d'Fheirmeoireacht Shóisialta faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2019 fógartha ag an Aire Creed

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, go leanfaidh a Roinn de mhaoiniú a chur ar fáil d'Fheirmeoireacht Shóisialta in Éirinn le tacaíocht arb ionann í agus €713,504 faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2019.

Dúirt an tAire Creed “Tá mé an-sásta leanúint leis an tacaíocht a thugaimid do thionscadail agus líonra shamhail na feirmeoireachta sóisialta. Cabhraíonn an tionscnamh tábhachtach seo le seirbhís shuntasach a chur ar fáil i bpobail thuaithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste atá ag baint leasa as réimse seirbhísí tacaíochta sláinte; ní hamháin go gcuidíonn se le cleachtas na feirmeoireachta sóisialta a chur chun cinn agus a fhorbairt ach ceanglaíonn feirmeoirí sóisialta, eagraíochtaí agus soláthraithe seirbhísí a chuireann cúnamh ar fáil do na rannpháirtithe ar fad a ghlacann páirt ann ar mhaithe le feabhas a chur ar a bhfolláine agus ar a bhféinmhuinín. Tá sé léirithe go mbíonn tairbhí i gceist le bheith rannpháirteach i bhfeirmeoireacht shóisialta mar naisc agus caidrimh sa phobal a fheabhsú, féinmhuinín agus acmhainní a mhéadú, sláinte agus folláine a fheabhsú, agus tugann sé deis do dhaoine scileanna nua a fhoghlaim. Tugann sé deis do rannpháirtithe 'gnáthrudaí a dhéanamh i ngnátháiteanna' agus tá sé go hiomlán i gcomhréir le athruithe i bpolasaithe Rialtas na hÉireann maidir le sláinte agus cúram sóisialta, gníomhachtú saothair i dtreo shamhail shóisialta dírithe ar dhaoine atá faoi mhíchumas, pleanáil dírithe ar an duine agus ionchuimsiú pobail. Tá an tacaíocht leanúnach atá á cur ar fáil ag mo Roinn lárnach chun tacú leis an oibríocht agus le leanúnachas an tionscadail seo, go háirithe mar gheall ar an díograis a léirigh feirmeoirí agus soláthraithe seirbhíse chun an tionscnamh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i bpobail thuaithe ar fud na hÉireann.

D'fhógair an tAire na síntí a chuirfear leis na conarthaí don tSamhail Feirmeoireachta Sóisialta maidir le Cuideachta Forbartha Comhtháite Liatroma, Comhpháirtíocht Forbartha Dheisceart Chiarraí agus Down Syndrome Ireland (Craobh Chorcaí), le gur féidir leis na heagraíochtaí sin leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar bun acu cheana féin sa réimse seo agus cur leis. Tá síneadh curtha chomh maith leis an gconradh atá ag Cuideachta Forbartha Liatroma chun Líonra Feirmeoireachta Sóisialta a leagan amach, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar fud na hÉireann.

 

Nótaí don Eagarthóir:

  • Is éard is Feirmeoireacht Shóisialta ann deis ar ghairneoireacht agus ar fheirmeoireacht a thabhairt, ar bhonn deonach, i dtimpeallacht feirmeoireachta do dhaoine a bhaineann leas as réimse seirbhísí teiripeacha tacaíochta lae.
  • Trí shíneadh a chur leis an Líonra Tionscadail Feirmeoireachta Sóisialta a bhfuil maoiniú €350,000 ag dul leis, beidh Cuideachta Forbartha Liatroma in ann leanúint de líonra na feirmeoireachta sóisialta in Éirinn a fhorbairt i gcomhar le moil réigiúnacha agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo socruithe coimisiúnaithe inbhuanaithe a chur ar bun le go mbeifear in ann socrúcháin a chur ar fáil d'Fheirmeoireacht Shóisialta.
  • Tá maoiniú €119,504 á chur ar fáil do Down Syndrome Ireland (Craobh Chorcaí) do “Garraí na mBrionglóidí”; ionad gairneoireachta do dhaoine fásta a bhfuil siondróm Down orthu le go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh in oiliúint fhónta agus deiseanna oibre praiticiúla a chur ar fáil i dtimpeallacht atá slán, comhbhách agus spreagúil.
  • Tá maoiniú €123,000 á chur ar fáil do Chomhpháirtíocht Forbartha Dheisceart Chiarraí chun go mbeidh sí ábalta leanúint de rogha a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh feirme agus leis an bpobal chun a gcuid spriocanna forbartha pearsanta a bhaint amach.
  • Tá maoiniú €121,000 á chur ar fáil do Chuideachta Forbartha Liatroma chun go mbeidh sí ábalta leanúint d'fhoghlaim ar bhonn fianaise, dea-chleachtas agus moltaí beartas a chur ar fáil chun cuidiú leis an bhfeirmeoireacht shóisialta a chur chun cinn agus a fhorbairt in Éirinn.

 

CRÍOCH

 

Date Released: 29 October 2019