There were 2,200 press releases posted in the last 24 hours and 435,540 in the last 365 days.

Ráitis N & P go dtí an 31 Lúnasa 2019 ar fáil anois

Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta Bia, agus Mara go bhfuil ráitis eatramhacha Nítrigine agus Fosfair (Ráitis N & P) don tréimhse ó Eanáir go Lúnasa 2019 ar fáil anois ar chóras ar-líne na Roinne ag www.agfood.ie.

Tá na ráitis seo an-úsáideach toisc go gcuireann siad ar chumas d'fheirmeoirí pleanáil a dhéanamh don chuid eile den bhliain, ionas gur féidir a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le teorainneacha na Rialachán Níotráití, trína seachnófar pionóis mar gheall ar na teorainneacha 170 kg Nítrigine an heicteár nó an teorainn dóibh sin a bhfuil maolú faofa 250 kg Nítrigine an heicteár acu a bheith á sárú.  

Meabhraítear d'fheirmeoirí freisin nach mór gach Foirm maidir le Taifid Níotráití do 2019 a chur ar aghaidh chuig an Rannóg Níotráití roimh an 31 Nollaig 2019.

Is féidir le feirmeoirí nach bhfuil cláraithe le agfood.ie sin a dhéanamh trí logáil isteach ar www.agfood.ie agus trí chliceáil ar an gcnaipe 'Cláraigh'. Chun uimhir fón póca a chlárú le haghaidh foláirimh téacs SMS amach anseo téigh chuig https://www.agriculture.gov.ie/contactsupdates/ chun teacht ar an bhfoirm cláraithe.

 

CRÍOCH

Date Released: 18 October 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.