There were 1,601 press releases posted in the last 24 hours and 413,896 in the last 365 days.

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh 14 – 15 Deireadh Fómhair 2019

Labhair an tAire Creed ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i Lucsamburg agus d'fháiltigh sé roimh an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag Ballstáit agus Institiúidí AE eile maidir leis an mBreatimeacht.  Leag an tAire Creed béim ar an ngá atá le freagra tapa d'fhonn cuidiú le feirmeoirí sa chás go mbeadh Breatimeacht crua ann agus dúirt sé “Iarraim ar an gCoimisiún a bheith réidh chun feidhm a bhaint as rialachán um chúnamh eisceachtúil láithreach sa chás go mbeadh Breatimeacht crua ann”.

 

Maidir leis an tacaíocht láidir atá léirithe ag Ballstáit agus ag Institiúidí AE, dúirt an tAire Creed, “Fáiltím roimh thiomantas an Choimisiúin chun réimse iomlán na n-ionstraimí atá ann a chur ar fáil do thacaíochtaí margaidh agus mar thacaíocht airgeadais dhíreach d'fheirmeoirí.” 

 

Chomh maith leis sin, le linn Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh an lae inniu, breithníodh gnéithe ríthábhachtacha maidir leis an athchóiriú leanúnach atá á dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta.  Leag an tAire Creed béim ar an mbuncheist a bhaineann le buiséad CAP.  I gcomhráiteas a rinneadh i gcomhar le seacht mBallstát déag eile, d'iarr an tAire Creed go ndéanfaí buiséad CAP a choinneáil d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an earnáil Talmhaíochta san Eoraip.  “Ní mór dúinn buiséad CAP a thabhairt ar ais agus na ciorruithe a iompú droim ar ais” a dúirt an tAire Creed.

 

Le linn na Comhairle, bhí cainteanna tairbheacha ag an Aire Creed leis an gCoimisinéir Hogan agus leis an gCoimisinéir Vella maidir le bearta tacaíochta sa chás go mbeadh Breatimeacht crua ann agus ar leasa feirmeoireachta agus iascaireachta na hÉireann a chosaint sna hidirbheartaíochtaí trádála AE.         

 

Maidir le hiascaigh, thapaigh an tAire Creed an deis an réamhobair leanúnach maidir atá ar bun ag an ocht mBallstát AE is mó a meastar a mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht orthu a phlé le hAirí Iascaigh eile.

 

Dúirt an tAire Creed “Tá réamhobair mhór déanta ag an leibhéal oifigiúil agus ag an leibhéal tionscail araon ar fud na mBallstát agus i gcomhar leis an gCoimisiún maidir le gach cás.  Is ardú misnigh an cur le chéile ó thaobh cuspóra atá léirithe ag ár gcomhpháirtithe AE ar na hiascaigh, mar ab amhlaidh le saincheisteanna eile. 

 

Chomh maith leis sin, tá Éire chun cinneadh a rinne an Íoslainn agus tíortha eile le gairid a gcuótaí ronnach a mhéadú, ar cinneadh é atá ina bhagairt d'inbhuanaitheacht fhadtéarmach an iascaigh is tábhachtaí atá ag Éirinn a thabhairt ar arid ag an  gComhairle seo. Dúirt an tAire Creed “Is cúis mhór aiféala atá sna gníomhartha aontaobhacha atá déanta ag an Íoslainn le deireanas, agus ag an Rúis agus ag an nGraonlainn ina dhiaidh sin, agus leanfaidh mé de bheith ag obair go dlúth leis an gCoimisiún maidir le bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh ina leith sin.

 

 

 

CRÍOCH

Date Released: 14 October 2019