Preasráiteas an 14 Deireadh Fómhair 2019
Tá an Tascfhórsa Mairteola a bhí beartaithe do mhaidin inniu, an 14 Deireadh Fómhair, curtha ar fionraí i ndiaidh aighnis lasmuigh de Theach na Talmhaíochta. Cuireadh cosc ar chomhaltaí an Tascfhórsa freastal ag an gcruinniú.
Tá an méid a tharla ar maidin cáinte ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. Dúirt sé, “Tá sé chun leasa gach duine atá rannpháirteach i dtionscal na mairteola go leanfadh an Tascfhórsa ar aghaidh. Is é sainchúram an Tascfhórsa monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na ngníomhartha a tháinig chun cinn as an gcomhaontú a baineadh amach an 15 Meán Fómhair agus cuireann sé an t-ardán is fearr ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht straitéiseach le príomhpháirtithe leasmhara. Is mór an trua é nach raibh ionadaithe feirme ábalta na hábhair imní chearta atá ag feirmeoirí a chur in iúl ag an Tascfhórsa.”
CRÍOCH
Date Released: 14 October 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
