There were 1,561 press releases posted in the last 24 hours and 413,422 in the last 365 days.

Fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D., roimh an leithroinnt caiteachais a fógraíodh i mBuiséad 2020

I bhfianaise an Bhreatimeachta agus na héiginnteachta a bhaineann leis agus an riachtanas uileghabhálach atá ann do bhuiséad críonna in 2020, is éard a bheidh i gcaiteachas na bliana seo chugainn ná:

  • €103m don Chlár Foraoiseachta, 
  • €6m in infheistíocht chaipitil don earnáil gairneoireachta tráchtála,
  • €16.8m do Bhord na gCon,
  • Cuirfear €12m ar fáil don Scéim Feirmeoireachta Orgánaí agus €1.2m breise chun an Earnáil Orgánach a fhorbairt.

Foraoiseacht €103m

Chuir an tAire Doyle fáilte roimh an tacaíocht leanúnach chun an fhoraoiseacht a fhorbairt in Éirinn trí €103m a leithroinnt do 2020 (lena n-áirítear caipiteal a thabhairt ar aghaidh).  

Dúirt an tAire Doyle, “léiríonn an leithdháileadh seo ár dtiomantas 8,000 heicteár a chur in 2020, sprioc uaillmhianach í seo atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide. Dúshlán mór a bheidh ann an méid seo a chur agus beidh comhoibriú, ó earnálacha príobháideacha agus poiblí agus ó phobail áitiúla, ag teastáil chun é a chur i crích ach tá an Rialtas seo tiomanta i dtreo an chuspóra seo. Tugann an buiséad seo maoiniú freisin do bhearta eile faoin bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a chur i bhfeidhm go díreach, lena n-áirítear, gluaiseacht na hacmhainne adhmaid in Éirinn, infheistíocht shuntasach a dhéanamh i mbóithre foraoise, leanúint leis an tacaíocht a thugtar do ghrúpaí aistrithe eolais agus táirgí adhmaid a chur chun cinn.

Gairneoireacht €6m

Tháinig méadú go dtí €6m ar an maoiniú a cuireadh i leataobh d'infheistíochtaí caipitil san earnáil gairneoireachta tráchtála i mBuiséad 2019. Mar fhreagra ar an éileamh mór atá ar infheistíocht ón earnáil féin tá an leithdháileadh céanna curtha i leataobh i mBuiséad 2020.

Tá earnáil gairneoireachta na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar roinnt dúshlán i gcomhthéacs an Bhreatimeachta; ach tá acmhainn shuntasach fós san earnáil le haghaidh forbartha. Leanann buiséad an lae inniu ag cur acmhainní suntasacha ar fáil chun go mbainfidh an earnáil an toradh is fearr amach ó thaobh an iomaíochais de.

Bord na gCon €16.8m

Tá roinnt leasaithe déanta laistigh d'earnáil na gcon le tamall beag anuas, lena n-áirítear, an tAcht nua um Rásaíocht Con, 2019. Déanann an reachtaíocht seo an bunús dlí a bhaineann leis an earnáil a neartú le súil ionracas earnáil na gcon a dhaingniú agus na socraithe atá déanta maidir le hinrianaitheacht na gcon a fheabhsú. 

Dúirt an tAire Doyle, “Táim sásta a fhógairt chomh maith go bhfanfaidh caiteachas Bhord na gCon in 2020 ag €16.8 mar chuid de Chiste Rásaíochta Capall agus Con rud a léiríonn tiomantas an Rialtais don chiste. Tá fíorthábhacht ag baint leis an earnáil seo do gheilleagar na tíre agus cuirtear fostaíocht i gceantair tuaithe agus uirbeacha ar fáil dá barr.”

 

Dúirt an tAire Doyle go gcaithfear cuid mhór den Chiste sin ar mhaithe le cúram agus leas na gcon agus tá réimse de na tionscnaimh seo curtha i bhfeidhm ag Bord na gCon le cúpla mí anuas.

 

Dúirt an tAire Doyle, “Fáiltím roimh bhunú an Chiste Cúraim chun cláir agus tionscnaimh a mhaoiniú ar mhaithe le cúram agus leas na gcon rásaíochta.  

 

Déanfar tionscnaimh éagsúla i réimse an athshocraithe, na leasa agus na inrianaitheachta a thacaíonn leis an gciste seo agus cuirfear tacaíocht ar fáil do scéim a thacaíonn le cúnna atá gortaithe chomh maith.

 

Tá gealltanais faighte ag an Aire Stáit ó Bhord na gCon go bhfuil siad fós tiomanta i dtreo ionracais in earnáil na gcon agus i dtreo leas na gcon a chur chun cinn. Tá an tAire muiníneach go bhfuil se d'acmhainn ag an earnáil an t-earnáil féin a leasú agus a neartú de bharr na reachtaíochta nua seo a bheith curtha i bhfeidhm agus tríd an maoiniú a chothabháil.

 

Eachspórt Éireann €4 milliún

Fáiltíonn an tAire Doyle roimh an €1 milliún breise a chuirfear ar fáil agus a thabharfaidh an leithdháileadh Eachspórt Éireann don bhliain 2020 suas go dtí €4 mhilliún chun cuidiú le forbairt straitéiseach na hearnála. Tabharfaidh an maoiniú breise seo cúnamh tuilleadh bearta póraithe chun capaill óga atá ar ardchaighdeán a phórú.

 

Orgánaic €13.2milliún

Tá maoiniú breise curtha ar fáil don Scéim Feirmeoireachta Orgánaí i mbliana go dtí €12m agus cuirfear €1.2m breise ar fáil chun an Earnáil Orgánach a Fhorbairt. 

 

Dúirt an tAire Stáit “leagann an méadú €1m ar bhuiséad na scéime Orgánaí do 2020 béim ar thiomantas leanúnach an Rialtais i dreo Earnáil Orgánach na hÉireann a fhorbairt. Cinnteoidh an buiséad méadaithe le haghaidh TAMS do 2020 go mbainfidh feirmeoirí orgánacha tairbhe as mar gur tairbhithe díreacha iad faoin scéim d'infheistíochtaí orgánaigh. Cuideoidh sé seo cur leis an méid ba shuntasaí de thalamh na hÉireann atá á úsáid do tháirgeadh orgánach atá curtha i gcrích againn faoin RDP reatha.  Tá an infheistíocht méadaithe seo lárnach i Straitéis d'Earnáil Bhia Orgánach na hÉireann 2019 - 2025, a d'fhoilsigh mé anuraidh, a chur i bhfeidhm.”

 

 CRÍOCH

 

Date Released: 08 October 2019