There were 1,150 press releases posted in the last 24 hours and 401,026 in the last 365 days.

Buiséad DAFM do 2020 & an Chéad Sruth de Chistí Teagmhais i ndáil le Breatimeacht 'Gan Mhargadh' fógartha ag Creed

 

Tá sonraí maidir le Buiséad 2020 na Roinne fógartha inniu (Dé Máirt) ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D.

 

Dúirt an tAire tráthnóna, “Buiséad ar leith atá i mbuiséad an lae inniu toisc go bhfuil sé mar aidhm leis na tacaíochtaí airgeadais láidre a chuidíonn leis an earnáil Agraibhia a chaomhnú, agus an t-ionchas go bhféadfaí preab shuntasach a bhaint as an earnáil mar gheall ar Bhreatimeacht 'Gan Mhargadh' a chur san áireamh ag an am céanna.  I bhfianaise an chúlra seo, ba í an tosaíocht a bhí agam tacaíocht a thabhairt do leochaileachtaí atá san earnáil agus béim láidir a choinneáil ar ghníomhú ar son na haeráide agus inbhuanaitheacht na timpeallachta. Chomh maith leis sin, bhí mé ag iarraidh na huaillmhéine atá againn an tionscal bia a fhorbairt a choinneáil agus cuidiú le feirmeoirí, iascairí agus SMEnna bia aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht. Cuireann Meastacháin an lae inniu oll-Vóta €1.647 billiún ar fáil don Roinn. Sin ardú €51 milliún ar an mbliain 2019, agus is méadú 3% é ar leithdháileadh 2019.”

 

An chéad sciar de thacaíochtaí i ndáil le Breatimeacht Gan Mhargadh - €110m

Agus é ag tabhairt achoimre ar phacáiste an Rialtais i ndáil le Breatimeacht 'Gan Mhargadh' atá leagtha amach chun cuidiú leis na hearnálacha is leochailí i gcás go mbeadh Breatimeacht 'Gan Mhargadh' ann, dúirt an tAire Creed, “Tá sé deimhnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go gcuirfidh an Rialtas ciste teagmhais 'Gan Mhargadh' ar fáil chun tacú leis na hearnálacha is leochailí, agus beidh suas le €650 milliún ar fáil ar an iomlán, lena chur i bhfeidhm i sciartha de réir mar a thagann tionchair iomlána an Bhreatimeachta chun cinn.  Cuirfear €110 milliún ar fáil don earnáil agraibhia sa chéad sciar, agus cuirfear leis trí chúnamh eisceachtúil arna chur ar fáil ón AE.” 

 

Má fhágann an RA gan mhargadh, oibreoimid trí na forálacha riachtanacha cúnaimh stáit chun feidhm a bhaint as na hacmhainní ar an mbealach is éifeachtaí agus is féidir.  Tabharfar tús áite do thacaíocht láithreach a chur ar fáil don earnáil mairteola (€85 milliún), mar aon le tacaíocht a chur ar fáil don fhlít iascaireachta (€14 milliún). Chomh maith leis sin, beimid ag iarraidh tacú le cuideachtaí bia atá ag iarraidh na modhanna táirgthe agus margaíochta atá acu a atreorú ar mhargaí nach margaí RA iad (€5 milliún) agus tacaíocht riachtanach a chur ar fáil d'earnálacha eile chun iomaíochas a fheabhsú (€6 mhilliún). 

 

Cé nach trí thacaíochtaí amháin is féidir dul i ngleic go hiomlán leis na drochthionchair a bhainfeadh le Breatimeacht Gan Mhargadh do na hearnálacha agraibhia agus iascaigh, bainfear úsáid as an gcéad sciar tacaíochtaí chun an tionchar láithreach a bheadh ar fheirmeoirí agus iascairí a fheabhsú, de réir mar a thiocfadh tionchar iomlán an Bhreatimeachta Gan Mhargadh chun cinn, agus chun roinnt coigeartuithe a dhéanamh atá riachtanach chun teacht aniar gnóthaí a fheabhsú in éadan cúinsí margaidh nua.” 

 

Tacaíochtaí d'fheirmeacha

Agus é ag tagairt do sholáthar 2020 dá roinn in ainneoin an Bhreatimeachta, leag an tAire Creed béim faoi leith ar na deacrachtaí atá san earnáil agraibhia, “In ainneoin an Bhreatimeachta táim chun beagnach €85 milliún a chur ar fáil trí scéimeanna spriocdhírithe chun tacú le feirmeoireacht mairteola inbhuanaithe. Áirítear leis sin beagnach €45 milliún don Chlár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola (BDGP), agus €40 milliún breise do thacaíochtaí spriocdhírithe. Tá sé i gceist agam dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an úsáid a bhainfear as na cistí seo. 

 

Go ginearálta, déanfar na roghanna seo a leanas a bhreithniú:

 

  • leanúint ar aghaidh leis an scéim phíolótach BEEP um ba diúil/laonna a mheá, faoi sholáthair de minimis Chúnamh Stáit, d'fhonn beart dá leithéid a bheith mar chuid den chéad RDP eile, faoi réir a éifeachtachta a mheas. Fuarthas aiseolas an-dearfach ó fheirmeoirí maidir leis an scéim seo. Tríd an scéim spreagfar eallaí a mheá sa ghnáthchúrsa d'fhonn feidhmíocht comhshaoil agus geilleagrach gach bó dhiúil a fheabhsú.

 

  • tacaíochtaí a chur ar fáil d'fheirmeoirí mairteola atá ag tógáil ainmhithe mairteola déiríochta d'fhonn dea-chleachtas a spreagadh agus éifeachtúlacht fiontar dá leithéid a fheabhsú. Tá acmhainneacht mhór ag baint le mairteoil déiríochta chun sruth ioncaim nua a chur ar fáil d'fheirmeoirí mairteola, ar an gcoinníoll go bhfuil bunphrionsabail ceart againn;

 

  • cleachtais feirme a spreagadh trína gcinntítear na caighdeáin is airde ó thaobh leas ainmhithe ar fheirmeacha mairteola.

 

Thug an tAire le fios go bhfuil €18 milliún curtha san áireamh chun leanúint de scéim leasa na gcaorach, agus go ndéanfar an buiséad do Bord Bia a mhéadú breis is €1.6 milliún agus go n-úsáidfear cuid mhaith den mhaoiniú sin chun mairteoil agus caoireoil na hÉireann a chur chun cinn. 

 

 

Gníomhú ar son na hAeráide

Thagair an tAire do Phlean Gníomhaíochta an Rialtais le dul i ngleic le hAthrú Aeráide agus thug le fios go raibh se ar an eolas ar an ngá atá le bearta tacaíochta trína bhféadfaí cuidiú leis an earnáil feirmeoireachta sa réimse seo. Dúirt an tAire Creed freisin, “Táim chun níos mó ná €103 milliún a chur ar fáil chun tacú leis an earnáil foraoiseachta, mar aitheantas ar an rannchuidiú ríthábhachtach a d'fhéadfadh a bheith i gceist leis sin chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun cur le hioncaim feirmeacha. Tá meascán speiceas i bhfad níos éagsúla ann anois ná mar a bhí ann roimhe seo de bharr coigeartuithe a rinneadh ar an gclár mar thoradh ar an Athbhreithniú Foraoiseachta in 2018.

 

Mar aon le plandú arna dhéanamh ag Coillte i gcomhar le Bord na Móna, d'fhéadfaí tacú le 8,000 heicteár a fhoraoisiú tríd an soláthar seo, i gcomhréir leis an uaillmhian atá againn faoin bPlean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide.

 

Chomh maith leis sin, táim chun breis is €12 milliún a chur leis an soláthar atá ann chun infheistíocht a dhéanamh i bhfeirmeacha, d'fhonn an tsuim iomlán a thabhairt suas chuig beagnach €91 milliún. Trí sin, déanfar infheistíocht i réimse bearta comhshaoil agus iomaíochta a mhaoiniú, lena n-áirítear Scaradh Sciodair atá Éadrom maidir le hAstaíochtaí, painéil ghréine agus sciodar a stóráil, mar aon le tacaíocht a chur ar fáil don earnáil gairneoireachta agus orgánaice.”  

 

Tá ardú €5 milliún tagtha ar an soláthar do scéimeanna agra-chomhshaoil, agus is ionann an tsuim sin anois agus beagnach €235 milliún. Áirítear leis sin ardú ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do scéimeanna faoi stiúir áitiúil in 2020.

 

D'éirigh thar barr uile leis na scéimeanna comhshaoil áitiúla seo a thagann faoin gClár Forbartha Tuaithe.  Tríd an gClár Boirne seanbhunaithe, Tionscadal Chromán na gCearc atá níos nuaí, Tionscadal an Diúilicín Péarla agus go leor scéimeanna áitiúla níos lú, tá an Rialtas ag tacú le feirmeoirí agus le pobail áitiúla ar mhaithe leis an timpeallacht.

 

Mar chuid de leithdháileadh speisialta €3 milliún chun tionscadail phíolótacha bhreise a mhaoiniú atá dírithe go sainiúil ar bhearta aeráide sa talmhaíocht. Déanfar glao i ndáil le scéim phíolótach nua EIP maidir le bainistiú níos lú a dhéanamh ar thalamh portaigh a bhfuil feirmeoireacht á déanamh uirthi a fhógairt in am trátha. Tá sé seo leagtha amach chun ceapadh carbóin a mhéadú agus chun cur lenár ngealltanas mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais le dul i ngleic leis an Athrú Aeráide.  Chomh maith leis sin, cuirfear le bithéagsúlacht agus cáilíocht uisce agus cuirfear teimpléad ar fáil maidir le gníomhú roimh an gcéad Chomhbheartas Talmhaíochta eile d'Éirinn.

 

Idir íocaíochtaí arna maoiniú tríd an státchiste agus ón AE, is ionann íocaíochtaí le feirmeoirí in 2020 agus €2 billiún.

 

 

Iascaigh

Tá méadú €5 milliún curtha leis an soláthar do Chlár Bia Mara na Roinne, go suim iomlán €137.8 milliún. Tríd an soláthar, cuideofar le hinfheistíocht ríthábhachtach a mhaoiniú inár gcalafoirt iascaigh, go háirithe sna Cealla Beaga, i mBinn Éadair agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra. Tríd an soláthar buiséid seo, cuirfear ar chumas Fhoras na Mara dul chun cinn a dhéanamh maidir le hárthach taighde nua-aimseartha €25 milliún a thógáil. Cuirfidh sé sin bonneagar náisiúnta ríthábhachtach ar fáil le go mbeidh Éire in ann dul i ngleic leis na dúshláin shuntasacha a bhaineann leis an mBreatimeacht agus an Comhbheartas Iascaigh, mar aon leis na tionchair ar an bhfarraige mar gheall ar an athrú aeráide.

 

An Tionscal Bia

Maidir leis an earnáil bia, mar gheall ar an soláthar caipitil breis agus €9 milliún atá faighte ag Teagasc, cuirfear ar a chumas dul ar aghaidh leis an mol bia a fhorbairt sa Chloch Liath.  Tá €8 milliún le coinneáil chun tacú le nuálaíocht san Earnáil Bia.

 

Capaill agus Cúnna

Leithdháilfear €84 milliún ar an gCiste Rásaíochta Capall agus Con agus trí €1 milliún breise, tabharfar an leithdháileadh do 2020 d'Eachspórt Éireann suas chuig €4 milliún chun cuidiú le forbairt straitéiseach na hearnála.

 

Agra-Chánachas

Dúirt an tAire maidir leis na bearta agra-chánachais atá i mBuiséad 2020,“Tríd an réimse beart agra-chánach sainiúil atá ann, meastar go gcuirfear €240 milliún ar fáil in aghaidh na bliana i dtacaíochtaí don earnáil. Táim sásta gur coinníodh na tacaíochtaí seo.  Chomh maith leis sin, d'aontaigh me leis an Aire Donohoe go mbeadh teagmháil idir ár Ranna maidir le bearta trína bhféadfaí cuidiú le feirmeoirí chun na dúshláin agus oibleagáidí a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a chomhlíonadh agus sláinte agus sábháilteacht níos fearr a spreagadh san earnáil.” 

 

I measc na mbeart, áirítear:

 

  • Faoiseamh ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil ar Athstruchtúrú Feirme a athnuachan, trína leanfar de dhul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le hilroinnt ar fheirmeacha in Éirinn agus trína mbeidh éifeachtúlacht níos fearr agus tairbhí don chomhshaol mar thoradh air.
  • Méadú go dtí €1,500 ar an gCreidmheas Cánach d'Ioncam Tuillte. Tá an chuid is mó d'fheirmeoirí, d'iascairí agus de phróiseálaithe beaga bia féinfhostaithe agus feicfidh siadsan go bhfuil a ndliteanas laghdaithe i ndáil leis an ardú atá ar an gcreidmheas cánach. 
  • Méadú chuig 50,000 heictilítear ar an tairseach táirgthe cáilithe do mhicreaghrúdlanna, chun ligean do ghrúdlanna méadú, i ndáil lena ndíolacháin onnmhairí go háirithe.
  • Feabhsuithe ar bhearta cáinbhunaithe reatha chun tacú le fiontar, SMEnna agus an earnáil agraibhia, i.e. an Príomhchlár Rannpháirtíochta Fostaithe (KEEP), an Scéim Fostaíochta agus Infheistíochta (EII) agus an Creidmheas Cánach Taighde agus Forbartha.

 

CRÍOCH

Date Released: 08 October 2019