There were 1,782 press releases posted in the last 24 hours and 399,834 in the last 365 days.

Béim leagtha ag an Aire Creed ar an tábhacht atá le bheith airdeallach ar chonfaidh ar Lá Domhanda Confaidh 2019

Labhair an tAire ar an Lá Domhanda Confaidh (an 28 Meán Fómhair) agus mheabhraigh sé don phobal i gcoitinne, cé go bhfuil Éire saor ó chonfadh ón mbliain 1903 i leith, nach bhfuilimid saor on mbaol a bhaineann leis. Leag an tAire béim ar chásanna inar tuairiscíodh confadh i bpeataí agus in ainmhithe fiáine ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, agus thug sé ar aird  go mbaineann beagnach gach cás de chonfadh i ndaoine le daoine ar bhain madraí greim astu. 

Dúirt an tAire Creed:  “Tá beartais láidre i bhfeidhm ag mo Roinnse d'fhonn leanúint de bheith saor ó chonfadh.  Ní mór gach madra, cat agus firéad a bheith vacsaínithe in aghaidh confaidh sula dtabharfar isteach go hÉirinn iad nó go tír ar bith eile san AE.  Is galar é confadh a chaithfear a chur in iúl -  má tá amhras ort go bhfuil confadh ar ainmhí, ní mór duit an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chur ar an eolas láithreach, trí dhul i dteagmháil le hOifig Tréidliachta Réigiúnach an cheantair. Tá an baol maidir le confadh íseal in Éirinn, ach mar gheall go bhfuil níos mó daoine agus a gcuid peataí ag teacht chun na hEorpa agus ar fud na hEorpa ciallaíonn sé go bhfuil baol ann fós go dtabharfaí confadh isteach go hÉirinn.  Tá a chuid féin le déanamh ag gach duine ina thaobh sin - an tslí is mó a bhféadfaí confadh a thabhairt isteach sa tír ná an galar a bheith ar mhadra, cat nó firéad a thiocfadh isteach.

Beidh athrú na rialacha a bhaineann le peataí agus taisteal idir Éirinn agus an RA i ndiaidh an Bhreatimeachta, agus ba chóir d'úinéirí peataí breathnú ar láithreán gréasáin mo Roinnse chun tuilleadh eolais a fháil má tá sé beartaithe acu cuairt a thabhairt ar an RA lena madra, cat nó firéad.”

Tá an confadh ar cheann de na galair zónóiseacha is marfaí ar domhan agus faigheann nach mór 60,000 duine bás gach bliain mar gheall air. Is é téama an Lá Domhanda Confaidh i mbliana, Confadh: vacsaínigh agus díothaigh” agus leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le vacsaíniú sa gcath leanúnach chun deireadh ar fad a chur faoi 2030 le daoine bás a fháil ó chonfaidh mar gheall gur rug madra orthu.  

Is féidir tuilleadh eolais maidir le confadh a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:  https://www.agriculture.gov.ie/animalhealthwelfare/diseasecontrol/rabies/

Is féidir tuilleadh eolais maidir le taisteal le peataí chun na hÉireann a fháil anseo:https://www.agriculture.gov.ie/pets/

Tá breis eolais le fáil ar an Lá Domhanda Confaidh ag: https://rabiesalliance.org/world-rabies-day

 

 

CRÍOCH

Date Released: 28 September 2019