Maoiniú do Thionscadail chun Dramhaíl Bia a Laghdú Fógartha ag an Aire Creed
Tá na tionscadail a gheobhaidh maoiniú óna Roinn faoin gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe i mbliana fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D, do thionscnaimh atá dírithe ar an dramhaíl bia a ghineann gnóthaí bia, miondíoltóirí agus mórdhíoltóirí bia nó soláthraithe bia i gceantair thuaithe a laghdú.
Le linn don Aire Creed na tionscadail ar éirigh leo a fhógairt agus a bhfuil maoiniú €350,000 luaite leo, dúirt sé “Gintear níos mó ná milliún tonna dramhaíola in Éirinn gach bliain. Ta gealltanas tugtha againn maidir leis an méid bia a chuirimid amú a laghdú de réir Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (12.3) ina n-éilítear ar gach náisiún dramhaíl bia a laghdú faoina leath agus caillteanas bia a laghdú faoi 2030. Cuidíonn na tionscadail chun tabhairt faoin sprioc seo agus ní mór dúinn leanúint de thionscnaimh a fhorbairt chun cuidiú le dul i ngleic leis an bhfadhb seo.”
“Tá na tionscadail Dramhaíl Bia a Laghdú á maoiniú ag Ciste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe mo Roinne agus mar sin cuideofar le dul i ngleic le cuspóir ginearálta an chiste chun geilleagar na tuaithe a neartú arís trí phoist nuálacha a chruthú agus forbairt fiontair inbhuanaithe a spreagadh”.
Nótaí don Eagarthóir:
- Tá maoiniú á chur ar fáil do na tionscadail seo a leanas:
DRAMHAÍL BIA A LAGHDÚ
- An tIonad Teicneolaíochta Glan, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí (CTC-CIT) – chun an Clár chun Dramhaíl Bia a Laghdú, Savour Food, a leathadh agus a fhorbairt. (€99,900)
- Food Cloud – sraith imeachtaí a chruthú i gcomhar leis na féilte bia is mó in Éirinn chun béim a leagan ar an bhfadhb a bhaineann le dramhaíl bia ón bhfeirm go dtí an bord (€100,000)
- ProfitWatch – Food Waste Aware – teagmháil a dhéanamh le gnóthaí bia ar fud na hÉireann chun córas a úsáid chun dramhaíl bia ar an láthair a laghdú a spreagadh d'fhonn dramhaíl a laghdú agus dá bharr sinn, tionchar dearfach a imirt ar an ngnó ó thaobh airgid agus cultúir de (€99,720)

CRÍOCH
Date Released: 27 September 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.