There were 719 press releases posted in the last 24 hours and 440,781 in the last 365 days.

Cathaoirleach nua ar an gCoiste um Achomhairc Foraoiseachta ceaptha ag Creed

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go bhfuil an tUasal Des Johnson ceaptha ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Achomhairc Foraoiseachta (FAC).  Rinneadh an ceapachán seo i ndiaidh don Uasal Bart Brady, a bhí ina chéad Chathaoirleach ar FAC, dul ar scor. Beidh éifeacht le ceapachán an Uasail Johnson ó Dé Luain an 22 Meán Fómhair.

Bunaíodh an FAC mar chomhlacht achomhairc neamhspleách faoin Acht um Achomhairc Talmhaíochta, 2001, arna leasú agus tá sé lonnaithe san Oifig um Achomhairc Talmhaíochta (AAO) i bPort Laoise. Éisteann an Coiste le hachomhairc ó iarratasóirí nó ó thríú páirtithe atá míshásta le cinntí atá déanta ag an Aire maidir le hiarratais ar cheadúnais foraoisithe, leagan crann, oibreacha bóthair foraoise agus toirchiú ón aer.

Maidir leis an gceapachán, dúirt Andrew Doyle, T.D., an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le Foraoiseacht, “Tá áthas orm fáilte a chur roimh an Uasal Des Johnson ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Achomhairc Foraoiseachta.  Tá taithí shuntasach ag an Uasal Johnson maidir le hachomhairc pleanála údarás áitiúil a láimhseáil sa mBord Pleanála agus tá sé in áit mhaith chun obair an FAC a thabhairt chun cinn.  

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas ó chroí a ghabháil leis an gCathaoirleach atá ag éirí as, an tUasal Bart Brady, as a dhúthracht agus an obair chrua atá déanta aige ina cháil ina chéad Chathaoirleach ar an FAC. Mar thoradh ar an obair atá déanta ag Bart le dhá bhliain anuas, tá na bunchlocha ar a n-oibríonn an Coiste faoi láthair leagtha síos agus guím gach rath air amach anseo.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Bhí Des Johnson ina Stiúrthóir Pleanála leis an mBord Pleanála (ABP), atá ar an bpost teicniúil is sinsearaí laistigh den eagraíocht, go dtí 2015.  Bhí gach achomharc, idir uirbeach agus tuaithe, faoina smacht, mar aon le hiarratais ó údaráis áitiúla a n-éilítear Measúnacht Tionchair Timpeallachta ina leith.  Ghlac an tUasal Johnson freagracht fhoriomlán as sraith Nótaí Comhairle a dhréachtú don eagraíocht, go háirithe i ndáil leis an Measúnacht Tionchair Timpeallachta (EIA) agus Measúnacht Chuí (AA) a d'eascair as reachtaíocht ón AE (EIA agus Treoir um Ghnáthóga).  Le tamall anuas, bhí an tUasal Johnson rannpháirteach i gcomhairleachtaí éagsúla leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, ABP agus Oifig an Rialaitheora Pleanála.  Áiríodh ar an obair sin comhairle a chur ar fáil maidir le Treoir EIA a thrasuí i ndlí na hÉireann. 

Creed appoints new Chairperson of Forestry Appeals Committee

CRÍOCH

Date Released: 20 September 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.