There were 1,848 press releases posted in the last 24 hours and 427,030 in the last 365 days.

Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2019 seolta ag an Aire Creed

Tá “Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2019 don Talmhaíocht, Bia agus Cúrsaí Mara” seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD.

Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a eisíonn an tAthbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn ina gcuimsítear faisnéis atá cothrom le dáta agus anailís staitistiúil ó fhoinsí éagsúla d'fhonn forléargas mionsonraithe a chur ar fáil ar earnáil agraibhia na hÉireann, agus caitear súil chun cinn ar an am atá le teacht. Áirítear sa bhfoilseachán i mbliana caibidlí ar an earnáil agraibhia & an geilleagar, ioncaim & struchtúir feirmeacha, tráchtearraí & ionchuir talmhaíochta, trádáil, an comhshaol, foraoiseacht, muir & beartas AE & Idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire Creed; “Is í an earnáil agraibhia an tionscal dúchasach is tábhachtaí ag Éirinn.  Tá na mílte feirmeoirí, iascairí agus cuideachtaí agraibhia i mbun bia na hÉireann a tháirgeadh ar fud na tíre, trína gcuirtear fostaíocht ar fáil do 173,000 duine, agus baineann tábhacht faoi leith leis sin i gceantair thuaithe agus cois farraige. In 2018, cuireadh onnmhairí agraibhia chuig breis agus 180 margadh ar fud an domhain agus bhí luach €13.7 billiún leo”.

Tá bonn láidir fianaise riachtanach chun beartas a chur i dtoll a chéile agus a chur i bhfeidhm agus cuideoidh an fhaisnéis agus na staitisticí a chuimsítear san Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn le hanailís a dhéanamh ar bheartas agus le díospóireacht a chur ar bun san earnáil. Leagtar béim i gcás-staidéir ar ábhar ar nós: Uisce beatha na hÉireann, mná sa talmhaíocht, Tionscnamh na nAigéan Glan, an tábhacht níos mó a bhaineann le margaí tríú tír éagsúla; leagan amach margaí talmhaíochta atá i mbun athraithe; na tionscnaimh feirmeoireachta sóisialta arna maoiniú tríd an  “gCiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe”,

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed “Mar náisiún a onnmhairíonn bia, ní mór don earnáil agraibhia éabhlóidiú i gcónaí mar fhreagairt ar fhorbairtí móra i mbeartais idirnáisiúnta. Cé go raibh straitéis Food Wise ríthábhachtach chun creat a chur ar fáil d'fhás inbhuanaithe na hearnála, ar nós gach plean straitéiseach, ní mór dó forbairt agus freagairt do chúinsí a athraíonn go tapa. Sheol mé comhchomhairliúchán poiblí le gairid ar straitéis nua agraibhia go dtí 2030. Cé go bhfuilimid ag tabhairt faoin bpróiseas beartais seo i gcomhthéacs ina bhfuil go leor athruithe agus neamhchinnteachta i gceist, maidir leis an mBreatimeacht agus athchóiriú a dhéanamh ar CAP mar shampla, is mar gheall ar an neamhchinnteacht sin a bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh go dtiocfaimid le chéile chun plean stuama a chomhaontú don earnáil go dtí an bhliain 2030. Seo deis chun cead cainte a bheith ag gach duine atá páirteach agus táim ag súil le hionchur gach duine. Is acmhainn fíorúsáideach an tAthbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn i ndáil leis sin”.

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

Is féidir an tAthbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2019 don Talmhaíocht, Bia agus Cúrsaí Mara a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne aghttps://www.agriculture.gov.ie/publications/2019/

Food Wise 2025: https://www.agriculture.gov.ie/foodwise2025/

Comhchomhairliúchán poiblí maidir le straitéis agraibhia na hÉireann go dtí 2030: https://www.agriculture.gov.ie/customerservice/publicconsultations/

 

 

CRÍOCH

Date Released: 23 September 2019

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.