There were 1,102 press releases posted in the last 24 hours and 400,908 in the last 365 days.

Beirt Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin nua ceaptha ag an Aire Creed chuig Bord Choillte

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go bhfuil beirt Stiúrthóirí Neamhfheidhmiúcháin nua ceaptha chuig Bord Choillte. Is iad an bheirt atá ceaptha ná Eleanor O’Neill Uasal agus an tUasal Gerard Murphy agus ceapadh iad ar feadh tréimhse cúig bliana le héifeacht ón 24 Iúil 2019 agus an 13 Nollaig 2019 faoi seach. Rinneadh na ceapacháin i ndiaidh próiseas iomaíoch arna chur i gcrích ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit.

Chuir an tAire fáilte roimh an bheirt nua atá ceaptha, agus dúirt, “Tá mé sásta Eleanor O’Neill and Gerard Murphy a cheapadh chuig Bord Choillte toisc go bhfuil réimse scileanna bainistíochta agus feidhmiúcháin acu araon a bheidh an-tairbheach i ndáil le forbairt straitéiseach na cuideachta. Táim cinnte go nglacfaidh said beirt páirt ar an mBord agus go gcuirfidh siad go mór leis bunaithe ar an taithí ghairmiúil atá acu go dtí seo”.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire, “Tá an-tábhacht ag baint le hearnáil na foraoiseachta in Éirinn maidir le buntáistí a chur ar fáil don gheilleagar tuaithe agus ar ndóigh chun buntáistí a chur ar fáil i leith an chomhshaoil chun cuidiú le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tá ról lárnach ag Coillte maidir leis sin agus trí na ceapacháin seo a dhéanamh, cuideofar lena chinntiú go bhfuil Coillte ullamh chun leanúint dá fhorbairt straitéiseach.  Bhí cruinniú agam le lucht na hearnála foraoiseachta an tseachtain seo caite chun forbairtí reatha a phlé lena n-áirítear ullmhacht don Bhreatimeacht agus d'athdhearbhaigh mé ár dtacaíocht leanúnach don earnáil d'fhonn forbairt leanúnach a chinntiú i leith na foraoiseachta in Éirinn”. 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Rinneadh na ceapachán 5 bliana i ndiaidh próiseas iomaíoch arna bhainistiú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS).

Eleanor O’Neill

Tá Eleanor O’Neill ceaptha ar Bhord Choillte ar feadh tréimhse cúig bliana le héifeacht ón 24 Iúil 2019.  Baineann cúlra Eleanor O’Neill Uasal le gach gné a bhaineann le claochlú gnó in earnáil na teicneolaíochta.  Tá ról feidhmiúcháin aici faoi láthair ina Stiúrthóir Sinsearach ar Theicneolaíocht na Faisnéise i Symantec Corporation.  I mí Márta 2018, ceapadh Eleanor chuig bord Symantec Security Ireland Holding (SSIH-UC), ar fochuideachta í de chuid Symantec Corporation a bhfuil freagracht straitéiseach agus oibríochtúil uirthi i leith Symantec International.  Chomh maith leis sin, ceapadh í chuig Bord Seirbhísí Líonra OSL in 2018, mar thoradh ar Surf Easy a bheith faighte ag Symantec.

Le deich mbliana anuas, bhí Eleanor i gceannas Oibríochtaí TF do Symantec ar fud an domhain agus i gceannas TF na hEorpa chun tacú le fás sa Ghnó (Díolachán, Margaíocht & Airgeadas). Roimh Symantec, d'oibrigh Eleanor le Marrakech, gnólacht nuathionscanta Teicneolaíochta Ríomhthráchtála lonnaithe i mBaile Átha Cliath a bhí maoinithe ag Caipiteal Fiontair, agus a bhí mar chuid d'fhoireann bainistíochta na hEorpa ar Visio International, a fuair Microsoft in 2000.   Chuir Eleanor tús lena gairm i bhForbairt Bogearraí, Innealtóireacht Próiseála i Digital Equipment Corporation in Éirinn agus san Ísiltír. Bhí Eleanor ar bhord comhairleach CIO Chumann Ríomhaireachta na hÉireann (2014-2018). Tá Dioplóma i Stiúrthóireacht Chuideachta (Pas le Gradam) ó Institiúid na Stiúrthóirí ag Eleanor, chomh maith le céim onóra san Innealtóireacht Thionsclaíoch (BEng), agus Dioplóma Iarchéime in Anailís Córas ó NUIG. 

Gerard Murphy

Tá Gerard Murphy ceaptha ar Bhord Choillte ar feadh tréimhse cúig bliana le héifeacht ón 13 Nollaig 2019.  Tá taithí fhairsing ag an Uasal Murphy i dtionscal Foraoiseachta na hÉireann, inar oibrigh sé i róil shinsearacha éagsúla ina gcuimsítear taighde, gnó, forbairt, margaíocht straitéiseach, díolacháin agus lóistíocht shlabhra an tsoláthair chomh maith le bainistíocht athruithe. Bhí sé ina Stiúrthóir Bainistíochta ar an Rannán Foraoise i gCoillte ar feadh naoi mbliana. Mar chuid den ról sin bhí freagracht air as bainistíocht tráchtála agus maoirseacht a dhéanamh ar bhreis agus 1 milliún acra de thailte foraoise an stáit. D'oibrigh sé le tamall anuas ina Stiúrthóir Bainistíochta ar an ngnó Réitigh Talún i gCoillte sula ndeachaigh sé ar scor.

Chaith Gerry an chéad chuid dá ghairm ina thaighdeoir foraoise sna réimsí Feabhsúchán Crann agus Teicneolaíocht Adhmaid.  Bhí roinnt post aige ina stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin in eagraíochtaí seachbhrabúsacha, chomh maith le bheith ina bhall de bhord feidhmiúcháin Chumann Foraoise Stát na hEorpa (EUSTAFOR - Comhlacht ionadaíoch na hEorpa do bhreis agus 34 eagraíocht foraoise stáit, agus mar bhall de Chomhairle COFORD.  Tá Céim Bhaitsiléara aige  san Eolaíocht Talmhaíochta (Foraoiseacht) agus MBA ó UCD chomh maith le Dioplóma Iarchéime ó Ollscoil Náisiúnta na hAstráile. Chomh maith leis sin, fuair sé an gradam IMI Sir Charles Harvey mar gheall ar ghnóthachtáil as cuimse sa staidéar gnó iarchéime.

CRÍOCH

Date Released: 06 September 2019