Preasráiteas an 05 Meán Fómhair 2019
Tá sé deimhnithe maidin inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD go bhfuil sé chun cainteanna idir gach páirtí san aighneas mairteola a stiúradh Dé Luain seo chugainn (an 9 Meán Fómhair).
Dúirt an tAire ar maidin: “Táthar i mbun rannpháirtíocht mhór le páirtithe leasmhara feadh thréimhse an aighnis seo agus creidim go bhfuil bunús ann anois le cainteanna a chur ar bun arís idir na páirtithe. Táimid ag an bpointe anois go sé fíorthábhachtach do thodhchaí na hearnála go smaoineodh páirtithe leasmhara ar theacht ar chomhréiteach chun an t-aighneas seo a réiteach, aighneas a d'fhéadfadh dochar fadtéarmach a dhéanamh don earnáil má leantar ar aghaidh leis. Is léir nach féidir é sin a chur i gcrích ach amháin má sheasann próiseálaithe agus agóideoirí siar ó imeachtaí Cúirte agus bacainní mídhleathacha le deis a thabhairt cainteanna fóinteacha a thabhairt chun cinn.”
Dheimhnigh an tAire don roinn go mbeadh sé i dteagmháil le páirtithe leasmhara i rith an lae chun socruithe riachtanacha a dhéanamh.
CRÍOCH
Date Released: 05 September 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
