Staidéar ar Fhoraoiseacht i gCo. Liatroma foilsithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D., inniu go bhfuil an staidéar ar Fhoraoiseacht i gCo. Liatroma curtha ar aghaidh agus ar fáil lena íoslódáil ar láithreán gréasáin na Roinne. Choimisiúnaigh an tAire Doyle an tuarascáil seo i mí Feabhra 2019 d'fhonn na tionchair shóisialta agus gheilleagracha a bhaineann le foraoiseacht i gCo. Liatroma a mheas.
Is í an Dr. Áine Ní Dhubháin, U.C.D. a bhí i gceannas ar an Staidéar a rinneadh i gcomhar leis an mBiúró um Theoiric agus Feidhmeanna Geilleagracha, INRA, An Fhrainc, agus tugadh faoi scrúdú a dhéanamh chomh maith ar staid reatha na rialachán comhshaoil maidir le foraoiseacht i gContae Liatroma. Léirítear sa Staidéar, a cuireadh i gcrích de réir an sceidil a bhí beartaithe, measúnacht chuimsitheach ar fhoraoiseacht lena n-áirítear an meon atá ag daoine i leith na foraoiseachta sa Chontae.
I ndiaidh dó an tuarascáil a fháil, dúirt an tAire Doyle “Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Dr. Ní Dhubháin agus a foireann as an tuarascáil mhionsonraithe seo a chur ar fáil, agus déantar í a scrúdú go mion sa Roinn sna seachtainí atá romhainn. Tá an tuarascáil fíorchuimsitheach agus mholfainn do gach páirtí leasmhar an t-am a ghlacadh chun an tuarascáil a léamh go mion. Leis an tuarascáil, feabhsófar an tuiscint atá againn ar an tionchar a bhíonn ag foraoiseacht ar phobail faoin tuath agus sa tslí sin, beidh sí ina cuid thábhachtach den athbhreithniú deiridh ar an gClár Foraoiseachta 2014 -2020”.
Nótaí d'Eagarthóirí:
Is féidir teacht ar an Tuarascáil ag https://www.agriculture.gov.ie/forestservice/publications/
CRÍOCH
Date Released: 02 September 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.