There were 1,661 press releases posted in the last 24 hours and 401,865 in the last 365 days.

Iarratais ar dheontais foraoiseachta agus íocaíochtaí préimhe le dul go hiomlán ar líne

Tá sé fógartha ag Andrew Doyle, T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht go bhfuil a Roinn chun athrú chuig córas deontas foraoiseachta agus íocaíochtaí préimhe a bheidh go hiomlán ar líne ón 1 Eanáir 2020. Beidh an córas ar fáil lena úsáid ó mhí na Samhna i leith iarratais ar íocaíochtaí préimhe foraoise don bhliain 2020 a bheidh dlite le híoc i dtús mhí Eanáir. Cuireadh an togra faoi bhráid na bpáirtithe leasmhara agus comhaontaíodh an togra leo ag cruinniú de chuid an Ghrúpa Forfheidhmithe i leith an Chláir Foraoiseachta, faoi chathaoirleacht an Aire, a bhí ar siúl níos luaithe an tseachtain seo.

 

Dúirt an tAire Doyle "Tá ár gcóras íocaíochtaí préimhe agus iarratais ar líne i bhfeidhm ó 2012 agus tá buntáistí móra bainte aige dár gcustaiméirí trí dheis a thabhairt dóibh a gcuid íocaíochtaí a dhéanamh i mbealach níos fusa agus níos tapúla. Cuireann sé ar chumas mo Roinne freisin aga slánúcháin níos giorra maidir le híocaíochtaí a bhaint amach. Nuair a bheidh na custaiméirí atá fanta bogtha ar líne, beidh deis againn seirbhís níos tapúla, níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí a thairiscint mar chuid den chuspóir ginearálta atá ag mo Roinnse chun an tseirbhís is fearr is féidir a chur ar fáil.  

 

Tá an tionscnamh seo ina chuid de threallús na Roinne maidir leis na seirbhísí ar líne a chuireann an Roinn ar fáil dá custaiméirí a fheabhsú agus tá sé ag teacht le cuspóir na Straitéise r-Rialtais 2017-2020 chun glacadh le cur chuige níos digití maidir le seirbhísí a chur ar fáil. Tá saoráid ar líne na Roinne chun iarratais ar íocaíocht a bhaineann leis an Deontas Foraoisithe agus leis an Scéim Préimhe a dhéanamh i bhfeidhm ó mhí na Samhna 2012, agus tá líon na ndaoine a úsáideann an rogha sin ar líne ag méadú gach bliain.

 

Eisíonn an Roinn íocaíochtaí préimhe foraoise de luach €68 milliún gach bliain d'úinéirí foraoise. I láthair na huaire, féadann iarratasóirí iarratas ar íocaíocht a chur ar aghaidh ar líne le haghaidh bliana áirithe ó mhí na Samhna na bliana roimhe sin.

 

Ar deireadh dúirt an tAire; "Tá straitéis chuimsitheach cumarsáide pleanáilte chun gach cliant a chur ar an eolas faoin athrú agus beimid ag dul i dteagmháil le gach iarratasóir roimh ré. Beidh oifigigh ó mo Roinnse i láthair ag na Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta chun comhairle agus cúnamh a thabhairt maidir leis an tsaoráid agus tá sé i gceist againn sraith clinicí a reáchtáil timpeall na tíre inar féidir taispeáint d'úinéirí mar a dhéantar iarratas ar líne más rud é nach bhfuil sin déanta acu roimhe seo.  Beidh deasc chabhrach i bhfeidhm freisin, a thabharfaidh treoir céim ar chéim do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar an gcóras.

 

 

 

CRÍOCH

Date Released: 06 August 2019