An chéad Chlár Náisiúnta Beachadóireachta eile don tréimhse 2019-2022 seolta ag an Aire Stáit do Thalmhaíocht, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D.
Sheol an tAire Stáit do Thalmhaíocht, Bia agus Mara, Andrew Doyle T.D., an chéad bhabhta eile den Chlár Náisiúnta Beachadóireachta inniu.
Dúirt an tAire, “Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil an chéad Chlár Náisiúnta Beachadóireachta eile anois i bhfeidhm go ceann trí bliana eile go dtí an bhliain 2022. Léirítear leis an gClár, a thacaíonn le taighde maidir le caighdeáin táirgeachta, go bhfuil mo Roinnse ag tacú go leanúnach le hearnáil na beachadóireachta in Éirinn".
Cuirtear tacaíocht AE don bheachadóireacht ar fáil tríd na cláir náisiúnta beachadóireachta a fhéachann, trí thionscadail cheadaithe bunaithe ar thaighde, na coinníollacha ginearálta a bhaineann le táirgeadh meala agus táirgí eile beachadóireachta a fheabhsú. Tá maoiniú faighte ag Éirinn tríd an tionscnamh seo do Chlár Náisiúnta Beachadóireachta 3 bliana eile. Cuirfear suas le €90,000 (€270,000 ar an iomlán) sa bhliain ar fáil faoin gclár, arna chómhaoiniú ag Coimisiún an AE, feadh trí bliana an chláir.
Rachaidh an Clár Náisiúnta Beachadóireachta reatha, a fuair maoiniú €217,985 sna trí bliana atá caite, in éag ag deireadh na míosa seo. Iarrtar ar thaighdeoirí tograí a chur ar aghaidh faoin gclár nua Náisiúnta Beachadóireachta a bheidh i bhfeidhm ón 1 Lúnasa 2019 go dtí an 31 Iúil 2022. Is é aidhm an chláir:
- Cúnamh teicniúil a chur ar fáil do bheachairí
- Ionróirí agus galair sna coirceoga a chomhrac, varróis go háirithe
- Comhoibriú le comhlachtaí speisialtóireachta chun cláir taighde feidhmí a chur i bhfeidhm i réimse na beachadóireachta agus táirgí beachadóireachta
Tá gach comhlacht atá oiriúnach agus atá ábalta a léiriú go bhfuil an acmhainn riachtanach taighde acu, Ollscoileanna, Institiúidí Teicneolaíochta agus Teagasc ina measc, incháilithe le hiarratas a dhéanamh. Fáilteofar roimh thograí i gcomhar idir institiúidí agus/nó a bhaineann le tairseach chriticiúil a fhorbairt.
Is féidir gach eolas a fháil faoin nglao ar thograí faoi Chlár Náisiúnta Beachadóireachta 2019-2022 a fháil ag:
https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beekeepinghoney/nationalapicultureprogramme/
Dé hAoine an 2 Lúnasa 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Is féidir fiosruithe maidir leis an gClár Náisiúnta Beachadóireachta 2019-2022 a sheoladh ar ríomhphost chuig beekeeping@agriculture.gov.ie

CRÍOCH
Date Released: 10 July 2019
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.