There were 1,562 press releases posted in the last 24 hours and 413,435 in the last 365 days.

Tascfhórsa ar Cheantair Thuaithe na hAfraice geallta ag Creed ag Comhdháil Airí an Aontais Eorpaigh-Aontas na hAfraice sa Róimh Glao nua ar iarratais do Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice fógartha

Bhí an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. páirteach i gComhdháil Airí an Aontais Eorpaigh-Aontas na hAfraice sa Róimh inniu.

Dúirt an tAire Creed, "Leanann an chomhdháil seo an tuairisc maidir le Tascfhórsa ar Cheantair Thuaithe na hAfraice a foilsíodh le déanaí, ina léirítear an tábhacht a bhaineann leis an ról straitéiseach is féidir leis an Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát agus gur cheart don Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát a ghlacadh chun tacú le hathrú a chur ar earnáil agraibhia agus eacnamaíocht tuaithe na hAfraice. Tá Ceantair Thuaithe na hAfraice ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin agus ar dheiseanna ollmhóra agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 800 milliún ar lucht oibre na tíre sna 30 bliain atá amach romhainn".

Fáiltíonn Rialtas na hÉireann roimh an bhfócas straitéiseach seo ar cheantair thuaithe na hAfraice, agus ar earnáil agraibhia na tíre go háirithe.  Oibreoidh mo Roinnse leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus réimse páirtithe leasmhara chun cuidiú le moltaí an Tascfhórsa a chur i bhfeidhm.

Bhí an tAire Creed ina chathaoirleach ar sheisiún comhdhála maidir le 'Caighdeáin Shláintíochta agus Fíteashláintíochta agus sábháilteacht bhia mar fhreagra ar thrádáil taobh istigh den Afraic'. "Is maith a thuigeann Éire mar earnáil agraibhia atá dírithe ar onnmhairiú go bhfuil sábháilteacht bhia ina réamhriachtanas i ndáil le trádáil”, a dúirt an tAire Creed.  "Ní mór sláinte an tomhaltóra a chosaint, cibé áit a bhfuil an tomhaltóir sin, a bheith ina thosaíocht iomlán ag feirmeoirí, don earnáil bia agus do na húdaráis inniúla i ngach tír. Tá caighdeáin agus rialaithe sábháilteachta bia ríthábhachtach chun forbairt inbhuanaithe earnáil agraibhia na hAfraice a chinntiú. Tá Éire tiomanta do chúnamh a thabhairt chun an cumas sin a chothú in institiúidí Rialtas na hAfraice, go déthaobhach agus trí obair i gcomhar leis an AE, FAO agus Codex."

Ag Comhdháil Airí an Aontais Eorpaigh-Aontas na hAfraice (AADP), thapaigh an tAire an deis chun glao nua ar iarratais do Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice, a ndearna an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cómhaoiniú air, a fhógairt freisin.  Dúirt an tAire, "Tá ríméad orm go gcuireann an AADP deis ar fáil do chuideachtaí agraibhia na hÉireann chun dul i gcomhpáirtíocht le cuideachtaí na hAfraice d'fhonn tacú le fás inbhuanaithe an tionscail áitiúil bia; margaí do tháirgí áitiúla a chothú; agus tacú leis an gcomhthrádáil idir Éire agus an Afraic".

Cuidíonn an obair seo le slabhraí luacha inbhuanaithe maidir le talmhaíocht agus bia a bhunú chomh maith le réitigh ar dhúshláin domhanda níos leithne a sainaithnítear i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA (SDG-anna) a fhorbairt, lena n-áirítear: deireadh a chur le bochtaineacht, deireadh a chur le hocras, comhionannas inscne agus gníomhú ar son na haeráide.

Leathnaíoadh an babhta seo d'iarratais do Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice le go mbeidh cuideachtaí ar éirigh leo roimhe seo cur isteach ar mhaoiniú breise i gcomhair spriocanna/torthaí tionscadail nua. An 2 Lúnasa 2019 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Nóta d'eagarthóirí:

Tá tuilleadh eolais le fáil ag:

Tascfhórsa ar Cheantair Thuaithe na hAfraice:

https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/farming/international-cooperation/africa/eu-africa-partnership_en

Tuairisc an Tascfhórsa:  https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/food-farming-fisheries/farming/documents/report-tfra_mar2019_en.pdf

Comhdháil Airí: https://ec.europa.eu/info/events/au-eu-conference-2019-jun-21_en

FAO: www.fao.org

Codex: http://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/en/

Is féidir teacht ar eolas maidir le Clár Forbartha Agraibhia na hAfraice ag: https://www.agriculture.gov.ie/aadp/

 

 Creed commits to Task Force on Rural Africa

CRÍOCH

Date Released: 21 June 2019