There were 1,108 press releases posted in the last 24 hours and 400,721 in the last 365 days.

Dul chun cinn déanta i ndáil le teacht a bheith ar an margadh agus rannpháirtíocht gnólacht le gnólacht i bpríomh-mhargaí na hÁise éascaithe de bharr an mhisin trádála chuig an tSeapáin agus Poblacht na Cóiré

Chun clabhsúr a chur le misean trádála i Súl inniu, chas an tAire Creed leis an Leas-Aire Lee Jae-Ouk sa Roinn Gnóthaí Talmhaíochta, Bia agus Tuaithe (MAFRA) chun iarratas na tíre seo chun go mbeidh teacht aici ar an margadh mairteola a phlé.

Is éard a dúirt an tAire Creed ina dhiaidh, "Tá na caidrimh oibre atá againn le húdaráis na Cóiré thar barr, a bhuíochas sin don rannpháirtíocht leanúnach a bhí ar bun ag Ambasáid na hÉireann i Súl agus mo Roinn féin. Maidir le teacht a bheith ag an earnáil mairteola ar an margadh, tá Éire ag Céim 5 de phróiseas 8 gcéim maidir le Poblacht na Cóiré, agus beidh vóta le caitheamh i bParlaimint na Cóiré sula mbeimid ábalta dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile. Bhain mé leas as cruinniú an lae inniu leis an Leas-Aire Lee, agus as cruinniú teicniúil idir mo chuid oifigeach agus an Roinn Sábháilteachta Bia agus Drugaí (MFDS), chun cás na hÉireann le go mbeidh teacht ag earnáil mairteola na hÉireann ar an margadh a bhrú chun cinn agus chun na fadhbanna atá i gceist leis sin a shoiléiriú.

Tionóladh cruinnithe an lae inniu idir an dá Rialtas i ndiaidh Seimineár Déiríochta Bord Bia agus seimineár mairteola agus muiceola a bhí maoinithe ag an AE i Súl Déardaoin.

Dúirt Tara McCarthy, Príomhfheidhmeannach Bord Bia, Le linn na seachtaine, ag breis is 13 imeacht éagsúla, léirigh tomhaltóirí as an tSeapáin agus as an gCóiré a díríodh orthu go raibh spéis mhór acu i mbia na hÉireann, cur chuige an tionscail i leith na hinbhuanaitheachta ach go háirithe tríd an gclár Origin Green. Cuireadh deis den scoth ar fáil dúinn ag na seimineáir tionscail i dTóiceó agus i Súl na táirgí a thaispeáint do phríomhallmhaireoirí bia, mórdhíoltóirí, ceannaitheoirí agus do na meáin agus mar is féidir le tionscal na hÉireann oibriú i gcomhar leo chun éilimh an tomhaltóra ar bhia d'ardchaighdeán, atá sábháilte agus a dhéantar a tháirgeadh go hinbhuanaithe a shásamh. Is ábhar misnigh é an leibhéal ard rannpháirtíochta a bhí idir onnmhaireoirí agus ceannaitheoirí na hÉireann, agus tugann sin misneach dom go dtiocfaidh méadú ar na deiseanna sin de réir mar a bheidh an geilleagar sin ag fás agus méadú ag teacht ar an bhfeasacht atá acu ar Éirinn mar fhoinse ardchaighdeáin bia agus dí an tráth chéanna is a bheidh teacht againn ar an margadh."

Tá teacht gan srian anois ag tionscal mairteola na hÉireann ar mhargadh na Seapáine, chomh maith le comhaontú i bprionsabal a bheith déanta i ndáil le teacht a bheith ar an margadh caoireola. Is iad an tSeapáin agus Poblacht na Cóiré an tríú geilleagar is mó agus an t-aonú geilleagar déag is mó faoi seach ar domhan, agus tá sé socraithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara dlús a chur lena cuid idirbheartaíochtaí sa réigiún.

Is éard a dúirt an tAire Creed faoin dul chun cinn, "Chomh maith le hoifig nua Bord Bia i dTóiceó a oscailt, bhí mé ábalta a fhógairt go ndéanfaidh mo Roinnse an chéad attaché talmhaíochta riamh a shannadh chuig Ambasáid Thóiceo an fómhar seo. "Tacóidh an infheistíocht seo i bhFoireann na hÉireann sa tSeapáin leis an margadh a fhorbairt i gcomhréir lenár straitéis Food Wise 2025."

Bhí Mairteoil agus Uaineoil an AE a chur chun cinn mar chuid de chuairt Thóiceo an mhisin trádála chomh maith le seimineár ar Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíochta an AE/na Seapáine (EPA). Chas an tAire Creed chomh maith le hionadaithe ó na hilchuideachtaí Seapánacha Mitsui agus Meiji, dhá chuideachta a bhfuil leas déiríochta acu, chomh maith le Suntory Group, atá ina n-úinéirí ar dhá dhrioglann Éireannacha.

Bord Bia Seoul

CRÍOCH

Date Released: 14 June 2019